Irish essays corrected and marked by experienced examiner #625Lab

#625Lab Irish. Corrected and marked by experienced SEC examiner. This page contains essays full of feedback that you can learn from. Learn now, in the safety of 625Lab, and avoid mistakes in the real deal.

You may also like: Leaving Cert Irish Guide (€)

Sochaí na hÉireann sa Lá Atá Inniu Ann

Níl saoi gan locht, mar a deir an seanfhocal, agus is ráiteas thar a bheith fíor é sin maidir le sochaí na hÉireann inniu. Maítear nach bhfuil sí pioc níos measa ná mar a bhí sí fadó, ach dar liomsa nach bhfuil ach amaidí ansin. Tá ár dtír breac le fadhbanna na laethanta seo, ach ritheann cúpla ceann liom atá níos géibheannaí (Níos práinní) – sin iad an ghéarchéim thithíochta, plá na ndrugaí, fadhb an óil agus an costas maireachtála.

Is ábhar mór imní é an ghéarchéim tithíochta atá go mór i mbéal an phobail na laethanta seo agus atá ag dó na geirbe againn le tamaill anuas. Níl aon dabht ach gur buanfhadhb é a bhí ann thar na blianta, ach tá cúrsaí ag dul in olcas le déanaí. Tá an méid daoine gan dídean ag ardú seachtain in ndiadh seachtain, agus is scannal ceart é go bhfuil páistí ann, i rith an 21ú chéad, gan dídean os a gcionn. Nil aon tithíocht inachmhainne ann do lanúin óga, agus mar sin tá go leor daoine fásta fós ina gcónaí lena dtuismitheoirí – níl aon rogha eile acu mar gheall ar chíosanna arda. Níl mórán tithe á dtógáil, agus de bharr sin níl aon fheabhas ag teacht ar an scéal. Agus cad atá an rialtas ag déanamh chun teacht ar réiteach don fhadhb? Rud ar bith!

Is oth liom a rá freisin go bhfuil fadhb na ndrugaí ag dul in olcas, ní hamháin sna cathracha ach sa tír ar fad. Tosaíonn daoine áirithe ag glacadh drugaí boga, mar channabas, ar dtús. Creideann siad nach bhfuil contúirt ar bith ach baint leis, ach níl an ceart acu. Cruthaíonn túsdrugaí mar sin fadhbanna sláinte chomh maith le fadhbanna meabhairshláinte, agus is minic a bhaineann siad triail as cinn chrua mar hearóin i ndiaidh é sin. Ar an gcaoi sin, ní fada go mbíonn siad tugtha dóibh.

Ar an mbealach céanna, tá fadhb an óil ina scúirse sa tír seo le cuimhne an gcat. Bíonn alcól ann ag an gcuid is mó d’ócaidí sóisialta, agus níl aon duine in ann ealú ón mbrú chun ól. Is páirt den ghnáthshaol in Éirinn é inniu, ach ní foláir dúinn cuimhneamh gur druga é fós, agus bíonn éifeacht mhór aige ar shláinte an duine, ar ndóigh, agus iompar an duine freisin. Eascraíonn iompar míshóisialta ó fhadhb an óil, mar íslíonn alcól breithiúnas agus is minic a dhéantar coireanna de thoradh sin. Gach deireadh seachtaine bíonn na meáin breac le scéalta faoi ionsaithe, faoi ghortuithe agus fiú marú ar na sráideanna de dheasca an óil. Géarchéim thromchúiseach atá inti, mar bíonn eagla ar dhaoine a dtithe a fhágáil san oíche nuair a bhíonn daoine atá ar meisce ag siúl na sráideanna.

Caithfidh mé bhur n-aird a thairringt freisin ar fhadhb eile – an costas maireachtála. Tá ardú mór tar éis teacht ar phraghas gach rud le déanaí, go háirithe earraí grósera agus breosla. Tagann uafás ar go leor daoine ag féachaint dóibh ar a mbille leictreachais anois, agus cosnaíonn peitreal 50% níos mó ná anuraidh. Tá an ráta boilscithe inár dtír dochreidthe, agus níl an pá in aghaidh na huaire ag ardú chun é a chealú. Ní théann an t-airgead chomh fada agus a chuaigh sé cúpla bliain ó shin, agus tá an lucht oibre ag fulaingt dá bhrí sin. Tá ar roinnt acu rogha a dhéanamh idir riachtanais bhunúsacha, ar nós bia nó teas, agus tá níos mó daoine ag lorg tacaíocht ó eagraíochtaí carthanacha ar nós SVP (Naomh Uinseann de Pól). Is mór an scannal é an scéal seo a bheith ag titim amach i sochaí na hÉireann sa triú mílaois. Deirtear gur sochaí fhorbartha atá againn, ach conas is féidir é sin a rá nuair atá cuid leochaileach dár sochaí ag streachailt?

Ní fadhbanna nua iad na ceisteanna a phléitear thuas, ach ní fhéadfaí a bheith in aon amhras faoi ach go bhfuil siad i bhfad níos measa ná mar a bhí fadó. Tá sochaí na hÉireann ag dul in olcas, mar níl aon rud á dhéanamh chun teacht ar réiteach dóibh. Is mithid don rialtas rud a dhéanamh – maoiniú a chur ar fháil le haghaidh tithíocht ar phraghas réasúnta, cniogbheartaíocht a dhéanamh ar dhrugaí mídhleathacha agus an t-íosphá a mheadú. Ní réitigh iomlána iad, ach is fearr iad na dada. B’fhéidir go bhfuil siad ródhéanach, ach tá orainn feabhsúcháin a dhéanamh inár sochaí do na glúnta atá le teacht. Is fearr déanach ná choíche!

S –  (stíl) 5/5

Á – Ábhar 13/15

G- Gaeilge – 70 /80

(Caighdeán ard ó thaobh struchtúr na n-abairtí de, ó thoabh leagan amach na haiste de, ó thaobh stór focal de agus ó thaobh gramadaí de. Mionbhotúin den chuid is mó a bhaineann le hinscne na bhfocal, nó leis na réamhfhocail)

“…Is duine óg mé in Éirinn atá ag déanamh Scrúdú na hArdteiste i mbliana.”

[Cén teideal atá ar an aiste? Is dea-nós é an teideal a scríobh síos ag an tús.]

Is duine óg mé in Éirinn atá ag déanamh Scrúdú na hArdteiste i mbliana. Nílim ach seacht mbliana déag d’aois ach in ainneoin sin, ceapaim go bhfuilim lánábalta labhairt faoin ábhar thuas. Is Éireannach mé agus déanaim staidéar ar an nGaeilge freisin. Ní túisce a chonaic mé teideal na haiste seo, rug mé greim ar mo pheann chun mo chuid tuairimí a bhreacadh síos. Bíonn an choir agus foréigean pléite agus athphléite ag polaiteoirí, ag iriseoirí agus ag saineolaithe. Is annamh a théann lá tharainn nach mbíonn ceannlíne faoi choir agus faoi fhoréigean ar an nuacht. Ní gá duit ach an teilifís a chur ar siúl, nó alt éigin ar líne a léamh, agus feicfidh tú cé chomh mór is atá coireacht agus foréigean in Éirinn. Is iomaí foréigean a tharla le blianta beaga anuas agus san am atá thart. Tá an cheist ag dul i méid freisin idir daoine óga agus coireacht agus foréigean. San aiste seo, Pléifidh mé: alcól agus drugaí, na daoine óga agus foréigean teaghlaigh.

Is mór idir inniu agus inné gan dabht ach ní inniu ná inné a tháinig an fhadhb seo chun solais. Tá an fhadhb seo chomh sean leis na cnoic! Ach sa lá atá inniu ann, tá na coirpigh agus na hionsaithe ag éirí níos brúidiúla, níos nimhní agus níos foréigní. Gan aon amhras, tá baint láidir idir an fhadhb seo agus fadhb an alcóil agus fadhb na ndrugaí. Tá drugaí mídhleathacha le fáil go forleathan i mbeagnach gach cathair agus baile in Éirinn. Tá níos mó andúileach. Bíonn siad ag iarraidh airgid a fháil chun drugaí a cheannach ar áis  nó ar éigean. Tá cultúr an óil fréamhaithe go domhain ionainne mar Éireannaigh. Nuair a bhíonn daoine ar meisce nó as a meabhair ar dhrugaí tar éis na gclubanna oíche agus na dtithe tábhairne, bíonn trioblóid agus foréigean ar na sráideanna. Is léir go bhfuil fírinne leis an seanfhocal ‘Nuair a bhíonn an braon istigh, bíonn an chiall amuigh !’. De réir na nGardaí go bhfuil baint ag alcól agus ag drugaí le  46% de na dúnmharuithe a tharlaíonn in Éirinn.  Nochtann na fíricí sin go go bhfuil fadhb na ndrúgaí imithe o smacht in Éirinn. Dá mbeinn i mo Thaoiseach, chuirfinn méadú ar líon na nGardaí ar na sráideanna chun stop a chur leis an gcoireacht agus d’osclófaí tuilleadh seirbhísí le haghaidh athshlánúcháin. An bhfuilimid róbhog ar choirpigh? Ba cheart go mbeadh pionóis níos troime á gcur orthu chun sochaí níos sábháilte a chruthú.

Bíonn tionchar ag drugaí agus  ag alcól freisin ar dhaoine óga agus ar dhéagóirí. I mo thuairim, níl ach cúpla áis do dhaoine óga sa tsochaí. Tá siad ró-óg do chlubanna ach tá siad ró-shean d’imeachtaí don óige agus mura bhfuil suim ag duine sa spórt, níl clubanna sóisialta acu. tá leadrán ar na déagóirí  agus níl aon rud le déanamh acu, mar sin féachann siad le rudaí eile a dhéanamh. Casann na daoine óga ar an gcoiriúlacht agus ar iompraíocht fhrithshóisialta. Tá scaipeadh eipidéim ar iompar frithshóisialta. mar sin ní gá dóibh – níor cheart dóibh ? (they shouldn’t be) a bheith ar na sráideanna agus ag pleidhcíocht. In alt, deir aimsir na hÉireann ? go bhfuil méadú faoi dhó tagtha ar iompar frithshóisialta i measc daoine óga le tamall anuas. Méadaíonn sé seo rátaí coireachta agus foréigean. Dá mbeinn i mo Theachta Dála sa rialtas, rachainn i ngleic leis an bhfadhb seo láithreach bonn. Cruthóinn níos mó deiseanna do dhaoine óga, ar nós clubanna sóisialta agus imeachtaí, ionas nach mbeidh orthu dul ar na sraideanna agus bheith ag pleidhcíocht ag aois óg. Mar a deir an seanfhocal ‘Ná bris do loirgín ar stól nach bhfuil i do shlí’ agus ba cheart do dhaoine óga glacadh leis an gcomhairle seo,

Fadhb mhór eile na linne seo nach ndéantar trácht go minic sna méain air ná foréigean teaghlaigh agus foréigean in aghaidh na mban. Is in olcas atá an scéal ag dul. Tugtar drochíde nó déantar ionsaithe gnéis ar fhir, ar mhná nó ar pháistí ina dtithe féin agus bíonn orthu teitheadh chun tearmann a fháil. D’fhéadfadh an drochíde seo a bheith i bhfoirm fisicúil, siceolaíoch, mothúchánach, nó gnéasach. Is deacair a shamhlú go bhfuil daoine ann nach mbraitheann sábhailte nó go bhfuil a saol i mbaol ina dtithe féin. Ach léiríonn an taighde an fhírinne fhuar – deir na saineolaithe go mbíonn suas le 14,000 glao gutháin ar a líne chabhrach in aghaidh na bliana. Ní hamháin gur fadhb mhór í foréigean teaghlaigh ann féin ach léiríonn staidrimh agus staitisticí gur féidir le timpeallacht bhaile fhoréigneach coirpigh a chruthú.

Chun conclúid a chur leis an bplé seo, tá orainn rud éigin a dhéanamh láithreach bonn sula mbeidh ár bport seinnte . Is fearr mall ná go brách, mar a deirtear. Tá treoir, spreagadh agus moladh riachtanach chun feabhas a chur ar an gcás . Cathain a bheimid réidh le fadhb na coire agus fadhb an fhoréigin in Éireann? Is maith an scéalaí an aimsir.

  • Ní raibh teideal ar an aiste – tá sé tábhachtach ceangal leanúnach a thaispeáint leis an teideal (wihtout giving your essay a title, you’ve made it hard for me to judge if you’ve kept the link to the title which is so important)
  • Stór focal an-mhaith
  • Úsáid an-mhaith as an Modh Coinníollach
  • Cad faoi dhá alt éagsúla ar alcól agus ar dhrugaí? (Seperating the issues of alcohol and drugs might help you delve a little deeper into each, eg drug dealers, why young people get caught up in drugs etc)
  • The problem with alcohol being too cheap etc
  • Some violence also caused by racism
  • San alt oscailte, níl gá é a bheith chomh fada sin, (less is more in the opening paragraph)

Stíl 5/5

Ábhar – (very hard to tell if you have shown a continuous link to the title) 11/15

Gaeilge – 65/80

= 81/100

Tá an costas maireachtála imithe ó smacht in Éirinn le déanaí

Níl amhras dá laghad orm ach gur ábhar conspóideach achrannach é an costas maireachtála in Éirinn. Tá an fhadhb ina cnámh spairne le blianta beaga anuas, agus is féidir praghas gach rud a fheiceáil ag síormhéadú blian i ndiaidh bliana. Chomh maith leis sin, is fadhb ollmhór í géarchéim na tithíochta agus tá cúrsaí ag dul in olcas dá bharr. Mar sin, tá sé ar intinn agam solas a chur ar ghéarchéim na tithíochta, an costas maireachtála, agus m’imní féin. (tús an-mhaith)

Ar dtús, is ar éigean a théann lá tharainn nach mbíonn tagairt de shórt éigin faoi ghéarchéim mhíchlúiteach na tithíochta. Chun é a chur go simplí, níl an soláthar in ann freastal ar an éileamh. Tá ganntanas tógálaithe sa tír agus mar sin, níl a dhóthain tithe, árasán, nó lóistín ar fáil. Bíonn praghasanna lóistín as cuimse mar dar leis na staitisticí is déanaí, tá cíosanna 80% níos airde ná mar a bhí siad 10 mbliana ó shin. I mBaile Átha Cliath is féidir leat níos mó ná €1,500 a íoc go míosúil. Caithfear a admháil gur staitistic scannalach é sin agus tá sé dodhéanta do go leor teaghlach na cíosanna arda seo a íoc.

Ní hí an ghéarchéim tithíochta ach cúis amháin atá ag cur isteach ar an gcostas maireachtála. Is léir don dall go bhfuil borradh mór tagtha ar phraghasanna breosla, leictreachais, earraí agus seirbhísí. Mé féin go pearsanta, cloisim mo thuismitheoirí ag gearán faoi phraghas peitril chuile lá. Níl aon chúis amháin leis an mboilsciú seo, ach bíonn daoine ag síneadh a méire ar an gcogadh idir an Úcráin agus an Rúis.

Ag deireadh na míosa, trasnaítear na méar ag súil go mbeadh a mbille leictreachais ar phraghas réasúnta. Níl hé sin an scéal agus mar sin, bíonn ar dhaoine áirithe rogha a dhéanamh idir teas agus bia. Caithfidh daoine aosta cóta a chaitheamh ar feadh an lae agus dul a chodladh lena gcóta le costas teasa a sheachaint. Maidir le teaghlaigh ar ioncam íseal, bíonn siad ag maireachtáil i mbochtaineacht, faoin gcaighdeán maireachtála. Níl sé ceart, cóir ná cothrom, go háirithe do na páistí. Níos measa fós, tá níos mó daoine gan dídean ar na sráideanna ná riamh, ag lorg déirce, agus níl an figiúr ach ag dul in airde gach blian. Ina measc, is leanaí iad trian de na daoine gan dídean. Ba chóir don Rialtas a bheith náireach as.

Lena chois sin, is dalta meánscoile mé agus tá sé ar intinn agam freastal ar an gcoláiste i mBaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn, ach nílim cinnte anois leis an ngéarchéim tithíochta. Níl pingin rua agam ná ag go leor daltaí meánscoile eile. Bíonn na cíosanna iomarcach agus tá sé Ró-iomaíoch lóistín a aimsiú. Ní chuireann formhór daltaí as deisceart na tíre aon choláiste i mBaile Átha Cliath síos ar an bhfoirm CAO toisc nach mbeadh siad in ann a bheith ag comaitéireacht gach lá. Is mór an trua é go gcaithfidh duine a bheith ag brath ar lóistín le dul chuig an gcoláiste ar mhian leo. I mo thuairimse níl cothrom na Féinne le fáil agus sin í an fhírinne lom.

Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na hiarrachtaí maithe atá á ndéanamh ag carthanachtaí mar Naomh Uinseann de Pól agus Focus Ireland. Bíonn siad ag obair go deonach ó dhubh go dubh, ag cur bia agus lóistín sealadach ar fáil do dhaoine. Chomh maith leis sin, tuairiscíodh go dtabharfadh creidmheasanna cánach €500 do thionóntaí. In ainneoin na mbeart seo, ní ann  ach réitigh sealadacha nach bhfuil ag dul i ngleic leis an mbunfhadhb – an easpa lóistin. Mar sin, dá mbeinn i m’Aire Tithíochta dhéanfainn níos mó infheistíochta chun níos mó lóistín inacmhainne a chur ar fáil. Mar thoradh, laghdódh na cíosanna timpeall na tíre. Chomh maith leis sin, dhéanfainn iompar poiblí saor in aisce chun cabhrú leis an gcostas maireachtála. ‘I dtús na haicíde is fusa í a leigheas’ mar a deir an seanfhocal, agus aontaím go mba chóir dúinn a bheith ag dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta láithreach bonn.

Chun conclúid a chur leis an bplé seo, is fíor a rá go bhfuil an costas maireachtála imithe ó smacht, go háirithe leis an ngéarchéim tithíochta agus leis an mboilsciú. Caithfear aghaigh a thabhairt ar na fadhbanna seo, agus dá luaithe is ea is fearr é sula mbeidh ár bport seinnte. Tuigim nach dtiocfaidh réiteach thar oíche, ach is i ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. ‘Níl aon tínteán mar do thínteán féin’ mar a deirtear.

Leagan amach an-mhaith

Ailt an-soiléir

Stór focal maith

Nasc leanúnach leis an ábhar

Stíl – 5/5

Ábhar – 13/15

Gaeilge – 68/80 – fadhbanna leis an gCopail, agus leis an alt in áiteanna, cúpla frása ciotach

Aiste d’adrchaighdeán ar an iomlán.

Aiste – Spórt

Tá a fhios ag cách go bhfuil an spórt ríthábhachtach do shláinte fisiciúil agus meabhrach. (an duine).  Ar an taobh eile den scéal , áfach ceaptar gur ábhar conspóideach achrannach é an spórt, go háirithe leis an gCorn Domhanda le déanaí. Mar sin, tá sé ar intinn agam cur chuige cothrom a ghlacadh do theideal na haiste seo. Pléifidh mé na mórán buntáistí a bhaineann leis an spórt:  do shláinte agus do na gnéithe sóisialta a bhaineann leis. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom solas a dhíriú ( a chaitheamh / a chur) ar na míbhuntáistí: drugaí agus bearna inscne.

Mar is eol do chách, is gné lárnach den saol nua-aimseartha é an spórt. Tá sláinte do chorp fite fuaite le do shláinte ’intinne, agus mar sin cruthaíonn corp sláintiúil intinn shláintiúil. Tá an duine sláintiúil níos sláintiúla, níos aclaí, tá níos mó fuinnimh aige, deirtear go dtéann tú i do chodladh níos tapúla agus níos furasta má dhéanann tú spórt, agus leanann an liosta buntáistí ar aghaidh. Ní gá duit a bheith ag imirt spóirt chun a bheith sláintiúil, is fearr a bheith ag siúl amuigh faoin aer ná bheith de shíor i do shuí  os comhair na teilifíse. Sa lá atá inniu ann lei an teicneolaíocht nua, is fadhb níos coitianta é otracht. Tá an fón póca sáinnithe i lámha an duine agus é ina chúis le stíl mhaireachtála shuiteach. Mar sin, tá an spórt níos tábhachtaí ná riamh chun feisteas folláine? (fitness?)  a choinneáil. ‘Tosach sláinte codladh: deireadh sláinte osna’ mar a deir an seanfhocal.

Maidir le do shláinte meabhrach, tugann spórt deis duit dearmad a dhéanamh ar an strus agus imní go léir. Tá sé sin níos soiléire i mbliana, dar liomsa. Bíonn daltaí na hArdteistiméireachta faoi bhrú millteanach, ach cabhraíonn an spórt le héalú ó fhadhbanna intinne. Chomh maith leis sin, mothaíonn tú níos fearr fút féin nuair a dhéanann tú aon aclaíocht. Tuairiscítear go mbíonn rátaí níos ísle struis, imní agus dúlagair ar dhaoine a dhéanann aclaíocht. Feabhsaíonn d’fhéinmhuinín agus beidh íomhá choirp níos fearr agat.

Ina theannta sin, foghlaimíonn an duine spóirtiúil scileanna sóisialta nuair atá siad ag glacadh páirte sa spórt. Bíonn gá le comhoibriú, comhghéilleadh agus ceannaireacht ar gach foireann agus foghlaimítear conas buille agus maslaí a ghlacadh gan dul le báiní. Aistríonn na scileanna sin go gnáthscileanna atá riachtanach don saol, dar liom. Níos tábhachtaí fós, déanann tú cairdeas nua sa spórt a bhíonn á imirt agat agus cuireann tú aithne ar dhaoine. Ceanglaíonn an spórt daoine le chéile mar buaileann tú le daoine a bhfuil na suimeanna céanna acu agus tá seans go bhforbródh cairdeas as sin amach.

Ar an drochuair, is fadhb mhór i gcuid mhór spóirt iad na drugaí agus tá siad ag déanamh dochair don spórt. Is mór an scannal é agus tá an locht ar fad ar mhionlach daoine náireacha agus mímhacánta mar tarraingíonn siad drochchlú ar an spórt. Tógann daoine drugaí chun a bheith níos láidre nó níos tapúla. Caithfidh go mbeidh an bua acu, ar shlí amháin nó slí eile. Ní gá ach féachaint ar an Tour de France. Náiríodh an spórt de bharr scannal drugaí Lance Armstrong. Chomh maith leis sin, tá sé iomráiteach go raibh go leor scannail dópála sna Cluiche Oilimpeacha. Sa bhliain 2012, bhí níos mó ná céad cás dópála agus goideadh go leor bonn óir. Níl an fhadhb dhíothaithe mar bhí cúpla cás dópála le cúpla bliain anuas. Níl cothrom na Féinne le fáil agus sin í an fhírinne.

Ina theannta sin, tugtar easpa aitheantais do mhná i gcomparáid leis na fir sa spórt. Tá a fhios ag gach duine go dtuilleann mná níos lú airgid ná fir, don spórt céanna fiú. An t-aon chúis leis an éagothroime seo ná nach bhfuil a dhóthain duine ag féachaint ar mhná sa spórt. Ag an am céanna, ní fhaigheann cluichí na mban an clúdach teilifíse céanna. Is fáinne fí é agus níl sé ceart, cóir ná cothrom. Ar bharr é sin, ní fhaigheann mná na háiseanna céanna le fir. Is sónna iad ceathanna te agus, uaireanta, seomra feistis fiú do mhná.

Ón méid atá scríofa agam, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an spórt ríthábhachtach do gach duine chun stíl mhaireachtála shláintiúil a chaitheamh. (treorú is to lead someone on a hike etc) Mar sin féin, ba chóir dúinn an chaimiléireacht agus an neamhionannas sa spórt a aithint. Tuigim nach dtiocfaidh réiteach thar oíche ach ar ndóigh, is i ndiaidh a cheile a thógtar na caisleáin. Mar a deir an seanfhocal, ‘is fearr an tsláinte ná na táinte.’

Aiste den scoth ar an iomlán; smaointe maithe, ceangal leanúnach leis an teideal (nó leis na spriocanna a leag tú amach duit féin). Ardchaighdeán maidir le stór focal, gramadach agus litriú.

Chuirfinn an aiste seo sa réimse H2, caithtear méid fíorbheag botún a bheith agat chun an H1 a fháil.

Bochtanas – sciúirse an domhain

Cad is brí leis an bhfocal ‘bochtanas’ nó cé atá bocht? Duine atá gan dídean? Ní chaithfidh tú a bheith gan dídean a bheith ar an ngannchuid. Duine atá ina chodladh ina charr in ionad siopadóireachta? Duine nach bhfuil in ann a morgáiste nó cios a ioc? Bíonn daoine bocht  nach mbionn go leor le n-ithe agus le n-ól agus is leir go bhfuil bochtanas sciúirse an domhain gan aon agó. Pléifidh mé faoi bhochtanas atá in Éirinn agus sa Triú Domhain agus labhróidh mé faoi na heagraíochtaí charthantacha atá ag obair go dian chun feabhas a chur ar an bhfadhb mhór atá ag muintir na domhain.

Agus mé ag leamh ‘An Irish Independent’, lion mo chroi le brón agus dioma nuair a bhí mé ag leamh faoin sceal tragóideach (cosúíl) bainteach leis an topaic seo. (Bhí an t-alt ag rá) go bhfuil timpeall ar 100 duine (ag) ina  gcodladh ar na sraideanna gach oiche i mBaile Átha Cliath. Tá sé sin scannalach amach is amach. Chomh maith leis sin, tá timpeall ar 9,000 duine gan dídean mar nach mbíonn siad in ann a mórgáistí nó cíós a íoc. Cuireann na huimearcha seo náire agus déistin orm agus ní fheadfá go samhlu na hiomhanna seo a shamhlú  gan amhras.

(Sa) Ina dteaglach féín a thosaíonn an fhadhb seo uaireanta, nuair a  thiteann duine amach lena muintir nó teipeann ar chleamhnas nó ar phósadh. B’fheidir gur go bhfuil foréigean sa bhaile agus mar sin fagann duine an teach. Ina theannta sin, tá fadhb le drugaí agus alcól. Thosaigh na fadhbanna mar gheall ar an tiogar Cheiltic. Bíonn morán daoine fágtha le morgáistí móra agus mar sin, níl siad in ann na billí a ioc.

Buíochas le Dia, tá neart cumann ar nós Focus Ireland, Clann Shíomóin agus Neamh  Uinseann de Pól. Is léír doibh gur caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb agus tá siad ag deanamh iarraidh chun an fadhb a chur chun cinn. Cabhraíonn siad leis na daoine bochta trí dhídean, bia agus ag tabhairt tacaíocht a thabhairt dóibh. Cabhraíonn Trusta Peter Mc Verry leis na daoine gan didean. Codlaíonn daltaí na tíre ar na sraideanna chun airgead agus feasacht a ardú. Bhailigh siad ós cionn na €10 000 000 suas le deich mbliana. (?)  Táim cinnte gur chabhraigh an t-airgead seo le  mórán daoine.

Ach má tá fadhb againn in Éirinn ní haon rud é i gcomparáid idir an bhochtaineacht in Iarthar na hEuropa agus an bhochtaineacht thromchuiseach sa Triú Domhan. Tá fadhb ollmhór san Afraic gan aon dabht. Chuir an gorta sna Aetoip sna hóchtóidí uafas ar mhuintir an domhain. Dhírigh Bob Geldof agus Live Aid aird na cruinne agus seoladh coir bhia agus leigheas don chuig na sluaite ocracha. Ach (má) tá an fhadhb ag dul in olcas fós, gan amhras ar bith.

Anuas ar sin, faigheann níos mó ná 35,000 duine bás (ina gceadta) den ocras gach lá. Chomh maith leis sin tá ocras ar 95 milliún leanbh agus iad ina gcodladh gach oiche. Áfach tá eagraíochtaí ar nós Trocaire, Concern agus Gorta ann agus deannan siad obair den scoth chun feabhas a chur ar an bhfadhb. Cuireann siad uisce glan ar fáil sna tiortha ina mbíonn siad ag obair. Is é an polasaí atá acú ná cuidiú a thabhairt doibh chun cabhrú leo féin agus gan gach rud a thabhairt amach  saor in aisce.

Níl na daoine saibhre saor ó locht ach an oiread. (De réir) Dar leis an taighde is deanaí, mar shampla tá nócha faoin gcead de mhaoin i seilbh deich faoin gcéad den daonra – lucht an tsaibhris. Is mór an scannal é gan dabht. Ní feidir a sheanadh ach go bhfuil an fhadhb leis an mbochtanas ag dul in olcas. Caithfimid rud éígin chun dul i ngleic leis an bhfadhb ar fud an domhain. Mar sin féin, ba cheart dúinn airgead a thuilleadh agus aiseanna a chur ar fáil do dhaoine bochta ar ndóigh. Más maith is mithid.

Iarracht mhaith ar leagan amach ceart agus argóintí a dhéanamh (good attempt at correct layout)

Ach téann 80/100 ar an nGaeilge – but 80% goes on ability in Irish, saibhreas foclóra – good vocab, agus cruinneas na teanga – and grammar.

Tasc – 5/5

Ábhar – 10/15

Gaeilge – 46/80 = 61/100

Trialacha agus Trioblóidí ag daoine óga inniu

Aontaim go huile is go hiomlán le teideal na haiste seo, gurb iomaí (iomaí agus uimir uatha) trialacha triail agus trioblóid a bhíonn ag daoine óga inniu. Dar leis an ráiteas seo go bhfuil an iomarca fadhbanna agus deacrachtaí ag an aos óg. Feicim tionchar an oíl óil, brú ó na scrúdaithe scrúduithe, fadhbanna sa bhaile agus meabhairshlainte ag cur isteach orainn go minic. Dar liom go mbíonn saol míchompordach (? – dúshlánach?) agus deacair ag daoine óga faoi lathair.

I mo thuairim féin, is é tionchar an óil an fhadhb shóisialta is troimchúisí i measc na n-óg i mo cheantar. Tosaíonn an gnáthdhuine ag an ól ar dtús nuair a bhíonn siad sa dara bliain. Tá an fhadhb seo níos measa anois ná mar a bhí cúpla bliain ó shin nuair a bhí mé ag an bpointe sin. Níl cliú (ceart go leor sa chaint, ach ag scríobh níl barúil agam) dá laghad agam cén fáth a thosaíonn siad chomh luath, nó cén fáth a thosaíonn siad ar chor ar bith! Ceapaim go bhfuilimid fiosrach faoin ól agus faoin saol i gcoitinne, mar ghnáthdhéagóirí. Is cuis eile é piarbhrú cinnte. Mar a deir an seanfhocal, “nuair a bhíonn ag t-ól istigh, bíonn an chiall amuigh”. (Cén trioblóid a leanann é sin? Nuair a thosaíonn daoine óga ag ól? Cén fáth nach bhfuil sé go maith dóibh?)

Le fada an lá, tá brú mar chuid lárrach de thrialacha agus trioblóidí an duine óig i mo thuairim. Bímid istigh sa scoil ar feadh sé uair an chloig ar a laghad, ag caitheamh beagnach dhá chéad lá sa bhlian ag taisteal, ag léamh, ag eisteacht agus ag scríobh. Níl aon dabht faoi ach go mbíonn a lán brú ar dhaltaí na hArdteistimeireachta sa tír seo. Cuireann córas na bpointí an iomarca brú ar dhaltaí. Bíonn daltaí in isle brí faoin am a bhíonn na scrúdaithe scrúduithe féin ag teacht agus ar siúl. Mar a deir an seanfhocal, “ is aoibheann beatha an scolaire. Ní aontaim leis an seanfhocal seo. (Cén fáth a bhfuil an brú seo orthu? Cé a chuireann an brú orthu?)

Gan amhras, ligeann a lán paistí na maidí le sruth maidir lena gcuid meabhairshlainte. Tá daoine óga goilliúnach go leor ag an aois seo agus tá trua mór agam do na páistí atá ag fulaingt i lathair na huaire. Mar a duirt mè cheana, bíonn an iomarca brú ar dhaltaí sa bhaile chomh mhaith leis an méid a bhíonn orthu ar scoil. (Cén sórt fadhbanna a bhíonn acu? An mbíonn cabhair ar fáil?)

 

Tá sé thar a bheith soiléir ón méid atá scríofa agam san aiste seo gur iomaí trialacha agus trioblóidí a bhíonn ag daoine óga inniu. Bíonn tionchar an óil, brú ó na scrúdaithe, fadhbanna sa bhaile agus meabhairshlainte ag cur isteach orainn go minic. Mar a deir an seanfhocal, “ Mol an oige agus tiocfaidh sí”.

Aiseolas:

Róghearr – tá idir 500-600 focal ag teastáil – you need to write a minimum of 500 words, expand on your points in each paragraph to reach the word limit.

  • Gaeilge chruinn den chuid is mó – good, accurate Irish throughout
  • But you will lose marks on account of not writing enough to show a broader range of vocab.

Stíl – 5/5

Ábhar – 10/15

Gaeilge -51/80 = 66%

An coróinvíreas

Chuimhneofaí go deo ar 2020 mar bhliain an coróinvíris. (TG) Tháinig an víreas ar an saol i margadh sráide i Wuhan, príomhchathair Cúige Hubei sa tSín i mí na Samhna 2019. D’fhógair an Eagraíocht Domhanda Sláinte gur paindéim dhomhanda a bhí sa choróinvíreas ar an 11ú Márta 2020. Tuiriscíodh an chéad chás den víreas in Éirinn ar an 26ú Feabhra 2020 agus faoin 12ú Márta bhí an tír faoi dhianghlasáil.
Dúnadh scoileanna, institiúidí tríú leibhéil agus áiseanna cúram leanaí fud fad na tíre ar an 12ú Márta ar feadh coicíse. Sin a cheapamar dála an scéil. Bhí mé san idirbhliain nuair a cuireadh abhaile sinn don chéad uair. Is cuimhin liom go maith an rith agus rás go léir a bhí ar siúl ag gach dalta sa scoil chun a gcuid stuif a bhailiú an tráthnóna úd. Bhí an t-ádh dearg liomsa agus le mo chomhscoláirí toisc nach raibh againn ach fíorbheagán leabhar.(TG – iolra) É sin ráite bhailíomar ár gcuid leabhair ar eagla na heagla go mbeadh orainn iad a úsáid agus muid sa bhaile. Faoi mar a tharla sé ní raibh oiread is leabhar amháin ag teastáil don tréimhse sin. Cuireadh na scrúdaithe stáit ar ceal. In ionad na ngnáthscrúdaithe (TG – iolra) fuair daltaí na hArdteistiméireachta 2020 gráid thuartha.
Anuas ar sin, cuireadh srianta i bhfeidhm chun bac a chuir le leathadh an víris (TG). Bhíomar go léir i ngéibheann inár dtithe gan cead againn dul níos mó ná cúig chiliméadar ón dtigh agus muid ag dul ar siúlóid. Mar bharr ar an donas cuireadh cosc ar chuairteanna a thabhairt  ar thithe daoine eile. Moladh dúinn gan dul amach as ár dtithe muna raibh géarghá leis. Dúnadh tithe tábhairne, bialanna agus clubanna oíche. Cuireadh cosc ar líon na ndaoine ag tionóil phoiblí,. Cuireadh srian ar líon na ndaoine a bhí in ann freastal ar shochraidí agus ar bhainiseacha san áireamh. Le scéil gairid a dhéanamh de, tháinig athrú suntasach ar shaol mhuintir na tíre thar oíche de bharr na paindéime.
Dúnadh scoileanna arís i mí Eanáir 2021. Cuireadh mic léinn na tíre abhaile ar feadh nach mór trí mhí eile. Ar a laghad bhí na scoileanna réidh don chianfhoghlaim an uair seo. Nílim ag rá nach raibh sé deacair ar gach éinne. Is maith is cuimhin liom na míonna sin. Ni raibh mé spreagtha chun coimeád suas le mo chuid oibre agus dá bhrí sin níor bhain mé puinn tairbhe as an tréimhse áirithe sin. Ní féidir liom a shamhlú cé chomh dian is a raibh sé ar mhic léinn Ardteistiméireachta na tíre agus iad ag iarraidh ullmhú do na scrúduithe. Tugadh rogha dóibh, ó thaobh na scrúduithe de, idir na scrúduithe scríofa a dhéanamh nó gráid thuartha a fháil nó meascáin den dá cheann acu. Roghnaigh formhór dóibh chun meascán den dá rud a fháil agus mar thoradh ar sin tá boilsciú suntasach tagtha ar na pointí do dream na hArdteistiméireachta i mbliana.
Gabh ar aghaidh chomh fada le mí lúil 2021. Faoin tráth seo bhí maolú tagtha ar na srianta buíochas leis an líon ard den phobal a bhí tar éis an instealladh a fháil.. Bhí na tithe tábhairne agus bialanna oscailte agus ní raibh ar dhaoine a mbéilí a ithe lasmuigh comh fada is a raibh Teastas Digiteach Eorpach Covid acu. Tugadh cead do dhaoine freastal ar imeachtaí poiblí comh fada is a raibh an Teastas acu. Cuireadh srian leis an méid daoine a bhí ceadaithe sna bialanna srl. ionas go mbeadh na húinéirí – heagarthóirí – in ann cloí le srianta maidir leis an scaradh sóisialta. Cuireach córas rianú teangmhálaithe i bhfeidhm chun go mbeadh sé éasca go leor chun na gearrtheagmhalaithe a aimsiú dá mba rud é go bhfuair duine ar bith an víreas.
Bhuail athraitheach nua don víreas darbh ainm Omicron timpeall na Nollag, 2021, a tuairscíodh don chéad uair san Aifric Theas ar an 24ú mí na Samhna, an domhain. De dheasca Omicron tugadh sraith nua de srianta isteach ar an 20ú mí na Nollag. Tá na comharthaí céanna ag Omicron is atá ag na hathraitheacha eile, tinneas cinn, tuirse, deacrachtaí análaithe, silleadh sróine srl. ach tá sé i bhfad Éireann níos éadroime ná Beta, Gamma ná Delta fiú. An rud a spreag NPHET agus an rialtas chun srianta níos déine a thabhairt isteach ná cé chomh tógálach is atá sé. Bhí orthu dianbheartais a thógaint chun bac a chur le leathadh neamhrialaithe den athraitheach nua seo.
Mar fhocail scoir, caithfidh mé a rá gur éirigh go réasúnta maith leis an rialtas an phaindéim a bhainistiú. Is mar thoradh ar chomhoibriú mhuintir na tíre a bhfuilimid ag teacht slán as greim an ghalair mharfaigh seo. Mar a deir an seanfhocal is “ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”. Buíochas mór le Dia go bhfuilimid céim ollmhór níos cóngaraí den saol mar a bhíodh tráth dá raibh, Maolaíodh nach mór na srianta go léir ar an 25ú d’Eanáir 2022. Na t-aon srianta a d’fhan i bhfeidhm ná an riachtanas chun pusacháin a chaitheamh ar iompar poiblí agus in áiteanna poiblí scoileanna agus ospidéil ach go háirithe. Bainfear na srianta seo ar an 28ú Feabhra.

An líon focal  – níos mó ná 800 (idir 500-600 focal ag teastáil)

Deacair marc a thabhairt gan teideal ceart – ach creatlach d’aiste an-mhaith ar an gCóróinvíreas. Stór focal maith ag baint leis an ábhar.

Caighdeán ard maidir le struchtúr abairte etc, níl aon fhadhbanna móra, ach botúin bheaga gramadaí agus litrithe tríd an aiste ar fad.

H2

Essay credit: Pearl Ni Laoire

Oisín in Tír na nÓg

‘Is é grá Oisín do Niamh Chinn Oir agus a dhílseacht dá athair, Fionn agus do na Fianna, is cúis lena chruachás sa scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg’. Dean plé ar an ráiteas sin.

Aontaím leis an ráiteas seo. Scéal béaloidis Éireannach é Oisín i dTír na nÓg faoi fhear darbh ainm Oisin, a d’iompaigh a shaol bun os cionn tar éis dó bualadh le bean darbh ainm Niamh.

Is léir go bhfuil caidreamh láidir ag Oisin lena athair. Bhí Fionn ina cheannaire ar na Fianna agus bhí an-ghrá aige  dá mhac. Chaith Fionn agus Oisín go leor ama ag seilg agus ag troid leis na Fianna. Bhí gaol dlúth idir Oisín agus Fionn agus bhí an-mheas ag Oisín ar a athair. Tá sé le feiceáil go láidir nuair a bhí Oisín ag fágáil na hÉireann chun dul go Tír na nOg le Niamh. Phóg sé Fionn go grámhar sular imigh sé ar an gcapall bán.

Nuair a bhuail Oisín le Niamh ar dtús, bhí gruaig (chothrom = fair/justice) fhionn uirthi agus bhí coróin á caitheamh aici. Bhí gúna síoda á caitheamh aici freisin. Thit Oisín i ngrá léi tar éis di geasa a chur air. Feicimid cén chaoi ar chuir a ghrá do Niamh cruatan air agus é le Niamh, caithfidh sé a athair agus na Fianna a fhágáil ina ndiaidh in Éirinn. Is cinneadh dian é seo ach mar gheall ar an (sprid? Geasa = enchantment), leanann Fionn Niamh go Tír na nÓg.

Nuair a bhí Oisín i dTír na nOg, smaoinigh sé ar na laethanta sona a bhí aige le Fionn in Éirinn. (Conas a chaith siad a laethanta?) Mhothaigh Oisin an-uaigneach gan a athair. Shamhlaigh sé faoin am a chuaigh siad ag seilg nó ag troid agus chuir sé seo an-bhrón air. Tar éis tamaill d’éirigh Oisin suaimhneach (míshuaimhneach = uneasy) agus theastaigh uaidh filleadh ar Éirinn. Mhothaigh sé nach bhfuil ciall dá shaol gan a athair agus theastaigh uaidh Fionn agus na Fianna a fheiceáil arís.

Nuair a bheartaigh sé go bhfillfeadh sé ar Éirinn, thug Niamh trí rabhadh dó. Dúirt sí go gcaithfeadh sé fanacht ar a chapall agus gan cos a chur ar ithir na hÉireann. Cé go raibh a shaol i mbaol, ba dheacair leis filleadh ar Éirinn arís. Feictear neart a chaidrimh lena athair agus é i mbaol a shaol chun Fionn a fheiceáil arís. Tá dílseacht Oisin dá athair agus do na Fianna an-láidir.

Bhí rud amháin nár inis Niamh d’Oisín, is é sin an t-am a chuaigh thart ar bhealach difriúil i dTír na nOg ná in Éirinn. Fad is a bhí Oisin i dtír na hóige agus é fós óg, bhí a athair agus na fir marbh. Bhí siad imithe i bhfad ó shin. Chuir sé seo an-bhrón ar Oisin agus chuir sé cruatan air. Chaill Oisin dhá rud a raibh grá aige dó, a athair agus Niamh.

Toisc nár éist Oisin le foláirimh Niamh, chuaigh sé chun cabhrú le fir áirithe carraig throm a bhogadh. Agus é seo á dhéanamh, thit sé den chapall, agus bhris sé an riail. Chomh luath agus a bhuail sé an talamh, chuaidh / d’éirigh  sé ina sheanfhear dall. D’éirigh sé cráite agus ní raibh sé in ann filleadh ar thír na hóige a thuilleadh. Sin fáth eile lena chruatan, tá Niamh agus a thriúr clainne caillte aige anois, rud nach bhfeicfidh sé arís.

Thug na fir go Pádraig é agus chaith sé a laethanta deiridh ag tabhairt cuairte ar na háiteanna a mbíodh sé in éineacht le Fionn agus na Fianna. Cuireadh Oisin i riocht éagórach (unjust?) rud a chuir an-chruatan air agus é i ngrá le Niamh agus dílseacht aige dá athair agus do na Fianna. Bhí mí-ádh air agus ní fhéadfadh an dá cheann a bheith aige. Oisín i ndiaidh na Féinne (nath cainte a chiallaíonn an-bhrónach)

Scéal – 21 /25

Gaeilge 3 /5 = 24/30

Tá Córas Sláinte na tíre seo ina phraiseach

Aontaím go huile is go hiomlán le teideal na haiste seo go bhfuil córas sláinte na tíre seo ina phraiseach. Tá an fhadhb seo go mór i mbéal an phobail le fada an lá. Caithfidh mé a rá gur chuir teideal na haiste seo ag smaoineamh mé.
Tá a fhios ag gach mac máthair go bhfuil murtall, fadhbanna meabhairshláinte agus fadhbanna le halcól agus drugaí ar chuid de na cineálacha fadhbanna is measa in Éirinn agus tá siad ag dul in olcas le fada anuas.
San aiste seo déanfaidh mé plé ar na cineálacha fadhbanna a bhíonn bainteach leis an gCóras Sláinte. Chomh maith leis sin, déanfaidh mé iarracht réiteach a fháil ar na fadhbanna seo a leanas. (Oscailt mhaith)

Ar an gcéad dul síos, ní féidir é a shéanadh gur fadhb mhór an mheabhairshláinte, ní hamháin in Éirinn ach timpeall an domhain ar fad. Afách, tá meabhairshláinte in Éirinn ina praiseach. As an Eoraip ar fad, is é Éire an tír is measa maidir le cúrsaí meabhairshláinte.
Cuireann an teicneolaíocht isteach go mór ar an meabhairsláinte, go háirthe do na daoine óga. Tá cibearbhulaíocht ag méadú an t-am ar fad. Bíonn daoine óga ag rá rudaí gránna faoi dhaoine eile ar líne. Gortaíonn na ráitis mhailíseacha seo na daoine leochaileacha. Mar thoradh, bíonn an t-uasmhéid féinmharaithe. Tagann strus, brú, náire agus neamhoird itheacháin fiú leis an teicneolaíocht agus na meáin chumarsáide. Uaireanta, cuireann daoine lámh ina mbás féin fiú.  Is fadhb mhór í an mheabhairsláinte sa tír seo agus ní féidir é a shéanadh.

Gan aon amhras, is fadhb mhór í an murtall in Éirinn. Tá níos mó ná 40% de dhaoine ina gcónaí in Éireann atá de mhuintir na hÉireann murtallach. Cad is cúis leis an bhfadhb seo? Sa Tríú Domhan níl na fadhbanna seo ann. An bhfuil sé de bharr easpa oideachas ar shláinte an duine nó an aiste bhia? Sílim go bhfuil easpa oideachais sa tír seo maidir le cúrsaí sláinte agus mar thoradh níl daoine ag ithe an bia ceart nó ag fáil go leor aclaíochta gach lá.
Cad é an réiteach i gcomhair na faidhbe seo? I mo thuairim láidir, ceapaim go gcaithfidh ranganna faoi aiste bia agus sláinte an duine a mhúinadh i ngach bunscoil agus meánscoil. Chomh maith leis seo, caithfidh an rialtas dul I ngleic leis an bhfadhb seo sula mbíonn sé ró-dhéanach.

Is fadhbanna an-mhóra iad alcól agus drugaí sa tír seo agus ní féidir é a shéanadh. Anois, in Éirinn tá drugaí le fáil i ngach áit agus bíonn daoine faoi aois ag ól an iomarca. Bíonn drugaí mar cócaon agus hearóin an-choitianta sa tír seo. Má bhíonn tú ag éisteacht leis an raidió nó ag féachaint ar an teilifís le déanaí tá a fhios agat cé chomh ciotianta atá an alcól agus drugaí in Éirinn.
Ar an gcéad dul síos, is fadhb mhór é an t-alcól in Éirinn. Bíonn daoine faoi aois ag ól an t-am ar fad./ gach deireadh seacnhtaine Sílim go bhfuil sé de bharr go bhfuil costais ísle ar an alcól sa tír seo. Caithfidh an rialtas rud éigin a dhéanamh faoi.
Mar thoradh ar an mí-úsáid drugaí agus alcól bíonn foiréigean I ngach áit. Tarlaíonn ionsaí gan choinne lá i ndiaidh lae.
De réir an clár teilifíse, Tabú, ionsaíodh Shane Grogan gan choinne i 2012. Bhí sé amuigh lena chairde ag baint taitnimh as an oíche nuair a bhuail fear a bhí ar meisce cúl chinn Shane le bricín. Ní raibh sé ach fiche dó ag an am agus fágadh é i gcathaoir rothaí é tar éis an ionsaithe tragóidigh seo. Tá a shaol agus saol a theaghlaigh agus a chairde tar éis athrú go deo. Mar a deir an seanfhocal,nuair a bíonn an t-óil istigh, bíonn an chiall amuigh. Níl anseo ach scéal amháin as na mílte atá ann. Arís, sílim gurb é easpa oideachais cúis na faidhbe seo. Tá sé an deacair ar dhaoine óga díriú ar an oideachas mar bíonn a dtuismitheoirí ag mí-úsáid drugaí agus alcóil. Cad é réiteach na faidhbe seo? Caithfidh rialtas dul I ngleic leis agus b’fhéidir ionad speisialta cúnaimh a lonú i ngach contae.
Rinne mé plé ar cúrsaí meabhairshláinte san aiste seo. Labhair mé faoin bhfadhb murtallach atá sa tír seo agus an fadhb an alcóil agus drugaí. Is léir go bhfuil cúrsaí sláinte na tíre seo ina phraiseach agus tá a fhios ag gach mac máthair é. Ag deireadh an lae caithfidh an rialtas dul i ngleic leis na fadhbanna seo go léir agus tiocfaidh feabhas air na cúrsaí sláinte in Éirinn.

Toradh =

Tasc 5/5

Ábhar 8/15  – Córas Sláinte = health system, eg na hospidéil, an phaindéim Covid, na seirbhísí atá ar fáil etc – baineann an aiste seo le fadhbanna sláinte atá ag daoine óga, nó iompar frithshóisialta fiú.

Gaeilge = 42/80

= 55

An tábhacht a bhaineann le spórt i saol an duine.

Cé go bhfuil tabhacht ar leith ag baint le spórt i saol an ghnáthdhuine, tá sé thar a bheith soiléir dom go gcuirtear an iomarca béime ar na spóirteanna teangmálana spóirt teagmhála . Is iad spóirt mar pheil agus iománaíocht a fhaigheann na deontaisí srl ón Rialtais. Mar bharr ar an donais is iad sin amháín na spóirt atá ar fáil i bhformhór de scoileanna na tíre seachas na scoileanna príobháideacha agus roinnt de na meánscoileanna móra sna catharacha. Cén rogha atá ann más rud é go bhfuil mí-chumas éigin ort a chuireann bac ar do chuid ábaltacht chun spóirt dentsaghas sin a imirt?

Cuireadh 40 milliún euro ar fáil sa cháinaisnéis i mbliana chun infheistiú a dhéanamh sa rannóg spóirt. Tá 34.5% den airgead sin curtha ar fáil do na bord stúiraithe spóirt uile. Mar bharr ar sin tá deontais Covid curtha ar fáil dóibh chun cobhsaíocht airgid a thabhairt dóibh i rith na bliana. Léiríonn an chomparaid idir an céadtadan beag bídeach (6.7%) den airgead a cuireadh ar fáil don International Carding Scheme, scéim a thugann tacaaíocht cumhaileacta?  do lúthchleasaithe as ocht a gcuid dtréanála agus na taillí do na gcomórtais, agus an t-airgead a fuair na boird stúiraithe, go bhfuil an iomarca infheistíochta ádhéanamh ag an Rialtais sna spóirt teagmhála. Nílim ag rá nach bhfuil aon airgead ar fail do lúthchleasiathe atá faoi mí-chumas, gan dabht tá, ach caithfear a bheith ag imirt ag caghdán caighdeán ard. Mar shampla, caithfear a bheith ag glacadh páirt i gcomótas mar na Cluichí Paroilimpeacha. Níl sé cothrom ar chor ar bith nach gcuirtear airgead ar fáil do lúchleasaisaithe atá faoi mí-chumas mura bhfuil siad ag imirt ar ard-chaghdáin. – ardchaighdeán

Faoí mar atá luaite agam thuas mura bhfuil a dhóthain airgid ag do mhuintir chun tú a chuir ar  scoil phríobháideach, is fíorbheagán seans a bheith agat chun do rogha spóirt a dheéanamh gan a bheith buartha mar gheall ar chúrsaí airgid. Tá costas millteach ag baint le spóirt ar nós ballet bailé agus marcaíocht capaill. Ós rud é go dteastaíonn uait ballet a dhéanamh, bheadh ort 50 euro a chaitheamh ar na huirlisí bunúsacha, sin in uachtar ar  phraghas  na gceachtanna, timpeall 300 euro in aghaidh na bliana. Mar bharr ar sin ma tá tú ag ceannach bróga pointe, a chosnaíonn 100 euro ar a laghad, bheadh péire nua de dhíth ort gach mí chomh maith leis na rudaí breise ar fad. . Ó thaobh na marcáiochta de caithfear 350 euro ar a mheán a chaitheamh ar na huirlisí agus anuas ar sin caithfear idir 25 agus 60 euro a chaitheamh ar gach rang. Do mba rud é go raibh fonn ort níos mó ná rang amháin a dheanamh in aghaidh na seachtaine thiocfadh ardú ollmhór ar an chostas iomlán. Ach mo léinnléan , níl an rogha ag an gcuid is mó de dhaltaí méanscoile na tíre spóirt den saghas seo a dhéanamh tríd an scoil. Is iad spóirt teagmála amháin atá ar fáil do na daltaí seo agus is mór an trua é sin.

Domsa, go pearsanta, ní raibh radharc na súl ró-iontach orm agus mé ag fas aníos. Cé go raibh mé tapaidh agus aclaí go leor chun cluichí  mar pheil nó camógaíocht a imirt. Ní raibh mé in ann na himreoirí eile timpeall orm a fheicint fheiceáil i gceart. De bharr sin níor lean mé orm ag cleachtadh na gcluichí seo. É sin ráite, bhain mé mo chúinne bea? fhéin amach i bhfoirm ballet agus marcaíocht capall. Bhain mé idir thaitneamh agus tháirbhe as an tréimhse ghairid a chaith me ag déanamh ballet. An rud ba mó a thaithin liom mar gheall ar ná an ceol aoibhinn a bhíodh á  sheinnt ag an múinteoir. Thug an ceo an spás dom chun me fhéin a chuir in iúl i slí thaitneamhach. Thosaigh mé ag marcáiocht go rialta ag aois a 6, cé go raibh capall agam sa bhaile agus mé ag fás aníos. Táim fós ag marcaíocht. Níl dabht ar bith i m’aigne ach gurb é an marcaíocht an spóirt is tábhachtáí i mo shaol. Tugann sé faoiseamh dom ó  strus agus ó anró an tsaoil. Anuas ar sin, is aoibhinn liom a bheith i dteannta capaill. Molaim d’éinne nach bhfuil tar éis triail a bhaint as dul agus e a dhéanamh. Is taithí iontach é.

Mar fhocal scoir, tá sé rí-thábhachtach go gcuirfeadh an Rialtais agus na heagraíochtaí spóirt aroan níos mó achmain ar fáil do lúthchleasaithe atá faoi mhí-chumas ag gach leibhéal, ní amhráin na lúthchleasaithe profisiúnta.

Essay credit: Pearl Ni Laoire

Líon focal: 764

Tasc: 5/5

Ábhar:  9/15

Gaeilge: 48 / 80 = 62/100

An cheist is mó ( the main issue is the essay doesn’t match the title)

An tábhacht a bhaineann le spórt – (the importance of sport- this only came through in the ballet and horse riding paragraph)

Moladh – recommendation – alt oscailte – the opening paragraph should lay out your thoughts on the title – do you believe sport is important – bheifeá ag súil le topaicí mar – sláinte, sláinte intinne, obair foirne, scileanna,  an  taobh shóisialta de, féiniúlacht. Bhí tú diúltach faoin spórt ag tús na haiste (your opening paragraphs were negative with no references to the benefits of sport)

 

Ní féidir a shéanadh ach gur fadhb mhór chasta í sláinte intinne In Eirinn 

Is beag rud atá nios lárnaí i saol an duine ná cursaí sláinte intinne., is fear an tsláinte ná an táinte (mar a deir an seanfhocal),ach muna bhfuil corás sláinte intinne, eifeachtach in Eirinn, tá baol ann. Tá gach rud ag bráth ar chursaí meabhairshláinte.Is ar éigean a thagann (a théann) lá tharainn nach mbíonn tagairt de short éigean faoin gcursaí (ar chúrsaí) meabhairshláinte.Da bhrí sin, ba choir dom an scéal a iniuchadh agus mo thuairim féin a thabhairt (faoi) ar na fadhbanna ata ann.. Tá súil agam go mbeidh se rí shoiléir (is) gur fadbh ollmhór í agus níl sí inghlachta a thuilleadh i sochaí an lae inniu agus (go m)ba cheart iarracht choinsiasach a dhéanamh chun líon na ndaoine atá ag fulaingt lena chuid meabhairsláinte a laghdú agus níos mó cabhrach a chuir ar fáil, sula mbeadh sé ro dheanach. (ródhéanach) 

Cad is brí leis an téarma meabhairshláinte? Is éard atá i gceist ná an bealach a mhothaíonn tú fút féin agus do chumas déileáil leis na fadhbanna laethúla atá agat i do ghnáthshaol.Má fhéachaimid ar na staitisticí níl aon dabht ach gur scanrúil an pictiúr a fheicimid. Deirtear go bhfuil fadhbanna leis an dúlagar ag duine as cúigear in Eirinn.Is deacair a chreidiúint go gcuireann beagnach ceithre chéad duine lámh ina mbás féin sa tír seoa gach bliain. Is iad na fir óga ochtó fáoin gcead  den 400 sin. (de na ndaoine a chuireann a lámh ina mbás féin.)Cé a chreidfeadh go dtarlaíonn a leithéid?Bhuel, tarlaíonn agus níor choir d’éinne bheith bródúil (?) as.mar a fheictear domsa é, is fadbh mhór chasta í

Ach cad iad na cuiseanna? Ar an gcéad dul síos, déarfainn fein go láidir go bhfuil baint mhór ag na an Meáain leis an dúlagar nó meabhairghalar, go hairithe I measc na nóg.Cruthaítear brú soisíalta maidir le cuma fhisiciúil.. Chomh mhaith leis sin, usaidtear an na meain shoisíalta chun teacsana gránna a sheoladh.Ná déanaimis dearmad ar na cailíní bochta as Éirinn e a (ghabháil féinbháis) chuir lámh ina mbás féin / a mharaigh iad féin mar gheall ar “ask.fm”.Is scanrúil an rud é go scriosann an chíbearbhullaíocht saol agus intinn a lán daoine óga agus go deimhin (go gcúisíonn sé = cúisíonn = accuses) is í is cúis le feinmharú no dúlagar. 

Ar an dara dul síos, feictear domsa go gcuisíonn drugaí agus an t-ól an fhadbh seo.(Feictear domsa gurb iad an t-ól…..is cúis leis an bhfadhb)Is minic a chasann daoine ar dhrugaí no ar ragús óil chun faoiseamh a fháil chun ealú on chruatan an tsaoil. Bíonn roinnt daoine róthugtha do na drugaí nó an t-ól oil. De reir an taighde is deanaí, tá baint ag alcól nó drugaí I caoga fan gcead daoine de na cásanna ina chuireann daoine a lámh ina mbás fein. Tá an fhianaise ann ,  go ndeantar dámáiste ollmhór don mheabhairsláinte de bharr an alcóil agus drugaí.

Tá an galar seo forleathan I measc daoine fásta chomh maith.Rinne an cúlú eacnamaíochta a lán dochair don mheabair shláinte. Bhí cursaí go dona agus tá siad ag dul in olcas la I ndiadh lae.Cailleadh postanna agus ni raibh daoine abálta a gcuid morgáistí a íoc. Cuireadh bru ollmhór ar muintir na heireann. De thoradh , bhí meabhairsláinte an duine ina phraiseach.Is léir go raibh an fhadbh seo ag reabadh tríd an tír seo le blianta beaga anuas.

Ach, Féachaimis ar na rudai dearfacha. Sna laetheanta seo, bíonn daoine ag caint faoina gcuid mothucháin agus ag teacht amach agus ag labhairt faoina gcuid fadbhanna. Féach ar an meid oibre atá déanta ag eagraíochtaí mar “Pieta House” agus “Jigsaw”.Gan iad, bheadh an sceal I bhfad níos measa.

Is deacair an fhadhb a réiteach.Ceapaim nach mór don Ríaltas tuilleadh oideachais faoin bhfadbh seo a thabairt don ghlúin nua atá ag fás aníos faoi láthair. Mar, blianta o shin, bhi an fhadbh faoi cheilt ach is mór idir inné agus inniú.Mholfainn do dhaoine óga a chuid mothuchain a phlé agus cabahir agus comhairle a lorg ma ta fadbhbanna acu. Chuirfeadh sé áthas orm, dá dtabharfaí an t-oideachas doibh .

Ba choir don Rialtas níos mo airgeaid a infheistú I bhfeachtais agus sceaéimeanna chun meabhair sláinte a fheabhsú, mar shampla, níos mo cabhair a chur ar fháil do dhaoine atá ag fulaingt no dlíthe níos deine a chuir I bhfeidhm maidir le cíbearbhulaíocht, daoine a sháraionn an dlí agus drugaí midhleathacha.D’feabhsódh siad cursaí agus bheinn lán sásta.

Tá se deacair meabhairghalar a aithint i measc ár gcairde agus ár dteaghlaigh. sin é an fath (go bhfuil sé) gurb í  an fhadbh is chasta sa tir seo I mo thuairim, mar níl mar a shíltar a bhítear.Ba cheart duinn ar gcluas a thabhairt agus ár ndhicheaill a dheanamh chun cabhair a lorg duinn fein.

Mar fhocail scoir, taim dóchasach don todhchaí. Is feidir linn an fhadbh seo a reiteach igh agus a laghdú dá noibreoimis le cheile. As a chéile a dhéantar na caisleáin

An Líon focal – 770 

Tá a lán fadaí ar iarraidh. Is féidir iad a chur isteach má bhrúnn tú ar an gcnaipe “alt gr” atá in aice leis an spásbharra. (There are lots of instances of a missing fada, or a fada in the wrong place but I gave this the benefit of the doubt. I haven’t corrected them all here) 

Ar an iomlán, aiste mhaith, eolas maith ar an ábhar, leagan amach maith, stór focal maith, úsáid bainte as Modh Coinníollach go minic freisin. (Well done on the structure, layout, and rich vocab used, as well as the use of the Conditional Tense) 

Stíl = 5/5

Ábhar = 12/15

Gaeilge  = 61/80 

(Aiste ar) foréigean agus coireacht.

Gan dabht (ar bith)  tá saol na hÉirinn (Tá an saol in Éirinn)  i ndiaidh athrú go mór le blianta beaga anuas, i ngach gné den saol idir chursaí oideachais, chursaí airgid agus chursaí polaitíochta ach é sin ráite b’fhéidir an t-athrú is mó atá i ndiaidh teacht chun cinn ar an oiléan seo nó na hathruithe atá tagtha i gcursaí coireachta agus foréigin. Ní hamháin sa tír seo atá athrú tagtha ach ar fud an domhain. Gan amhras is áit chontúirteach í  an domhan seo  ina bhfuilimid inár gcónaí ann (ina chonaí) ann.

Ar an drochuair, tá stair an chine dhaonna breac le scéalta faoin bhforéigean agus faoin dearg ghráin a bhíonn ag clanna, ag náisiún agus ag ciníocha ar a chéile. Níl difear ar bith i stair na hÉireann, ó thús am staire bhí an tír seo i gconaí breac le heasaontais  agus de bharr sin bhí cuid mhór foréigin i gconaí ar siúl. Smaoinigh siar ar scéalta  chogadh cathartha na tíre agus Éirí amach na Cásca nuair a bhi nimh san fheoil  idir muintir na hÉireann agus na Sásannaigh.

Is minic a chloistear faoin gcoiriúlacht atá ar siúl ar fud an triú domhain agus an damáiste atá   á dhéanamh de bhailte agus de chathartha na n-áiteanna seo. Tá seandaoine ag crith leis an eagla ina gcuid dtithe agus iad ag éisteacht leis an nuacht ach i mo thuairim féin is iad  rialtais na dtíortha, a bhfuil ráta mór coiriúlachta iontu, ar cheart dúinn an mhéar a dhiriú orthu. Gineann an bochtanas fadhbanna eile  agus go minic nuair atá daoine seo beo bocht agus gan pingin rua acu téann daoine i muinín an fhoréigin agus na coireachta.

Tá cuid mhór cínealacha coiriúlachta difirúla  fríd an domhan sa la atá inniu ann agus b’fhéidir ceann de na samplaí is fearr den choiriúlacht úr seo nó i gcursaí airgid agus thar an líne teileafóin. Go minic anois faightear glaoigh teileafóin ó uimhreacha amhrasacha a bhfuil camscéimeanna ar siúl acu agus atá ag cur dallamullóg ar dhaoine saonta ag robáil a gcuid airgid. Gan dabht tá daoine anois níos curamaí   leis na cínealacha seo camscéimeanna atá ar siúl ag na coirpigh  seo ach go fóill tá sé ag tarlú. Fiú coicís ó shín chaill m’athair caoga euro  as a chreidmheas fóin tar éis glaoch  ó uimhir  sa  tSúdáin a fhreagairt! Ní mó na sastá a bhí sé. Sin ráite tá moladh tuilte ag na gardaí atá ag fáíl an lámh in uachtar ar an cíneal seo coire seo arís.

Bhí, tá agus beidh fadhb shíoraí ag Éirinn  leis an ólachán agus silim gurb é seo atá ar thús cadhnaíochta (ar thús cadhnaíochta = pioneering, ní oireann sé anseo) (Tá an t-ólachán mar chúis ag an iompar frithshóisialta / is é an t-ólachán is cúis leis an iompar sóisialta) le haghaidh an iompar frithshóisialta a mbíonn ann i dtithe tabhairne agus clubanna oíche a leanann ar aghaidh go h-achtanna foréigeanacha go minic ag deireadh na h-oíche. Is féidir liom é a fheicail fiú i mo bhaile féin agus mé amuigh le mo chairde san óiche. Gan dabht tá an ceart ag mo mháthair rabhadh géar a thabhairt dom sula dtéim chuig an dioscó , faoin dainséar r a mbaineann leis an alcól ach ní hé an t-alcól an t-aon ghriosóir le haghaidh iompar frithshóísialta…

Tá drugaí níos coitianta i measc deagoirí agus óganaigh í na tíre seo anois nó mar a bhí riamh. De réir na staisticí agus raflaí ar na meáin n shóisialta tá paindéimeach an chóicín builte linn sa tír seo agus tá níos mó mí-úsaid substaintí ag tarlú anois nó mar a bhí riamh. Cuireann na cínealacha seo scealtaí atá me ag cloiseacht in umar na haimléise mé, go bhfuil daoine cosúil liom féin, an aois chéanna liomsa mallaithe ag agus gafa ag drugaí salacha lofa seo.

Is áit dhainséarach í  an domhan, ach bhí í gconaí, gan dabht fad is atá an cine daonna ann béidh foréigean agus coireachta ann. Tá daoine ar nós na gardaí síochana i gconaí ag déanamh a  seacht ndícheall chun muidine a choinneail ar ár suaimhneas agus caithfear an moladh agus an buíochas atá tuilte acu a thabhairt daofa, mar gan iad ní bheadh an dara suí sa bhuaile againn ach fanacht sa bhaile.

An Líon focal = 675

Stíl = 5/5

Ábhar –  8/15

Foréigean agus Coireacht (Coir = one crime, is coir é rud éigin a ghoid mar shampla) Céar faoi sainmhíniú a thaibhairt ar cad is foréigiean ann? Cad is coireacht ann? (How about providing a definition of both?) In aiste faoi choireacht bheifeá ag súil le plé de shaghas éigin ar na mangairí drugaí, seachas ar ghlaoigh fóin, fadhbanna na ngardaí, mar shampla an méid stáisiúin a dúnadh le linn an chúlaithe. (Some discussion on the drug dealers and the issues that the Gardaí have, especially the amount of stations that have been closed would be expected in an essay of this nature) Luaigh tú an tríú domhan, ach níor luaigh tú aon samplaí den fhoréigean a bhíonn ar siúl san tíortha seo. (It was disappointing that you didn’t follow up on the types of violence that occurs in 3rd world countries, or even which countries). Tá iompar frithshóisialta go forleathan ceart go leor, ach arís bheadh samplaí go hiontach mar fhianaise. (The paragraph on anti-social behaviour would have benefitted from some examples of what actually happens in the pubs and clubs, and why) Mholfainn níos lú altanna, ach iad a bheith níos láidre ó thaobh fianaise agus samplaí de. (Less paraghraphs, but more detail – 3 /4 main ideas and “proof” in each case)

Gaeilge: 48/80 (Roinnt mhaith stór focal, ach an-chuid mionbhotún Gaeilge – marc ceangailte leis an mar don stíl – Some good vocab in parts, but a lot of small grammar errors. Remember that the Irish grade and the topic grade are linked)

Is fadhb mhór dhomhanda í fadhb na timpeallachta.

Níl amhras dá laghad agam ach gur ábhar conspóideach achrannach é ceist na timpeallachta san lá ata inniu ann. Cloistear scéal éigin ar an raidió, feictear íomhánna scanrúla ar an teilifís no léitear míreanna nuachta uafásacha gach lá faoi bhagairt de shaghas éicint ar an timpeallacht. Ní théann lá tharainn nach mbíonn an t-ábhar seo i mbéal an phobail san ollmhargadh, i seomra feithimh an dochtúra nó i gceaintín oibre. Is cinnte gur fadhb mhór dhomhanda an lae inniu í fadhb na timpeallachta. (Is maith an smaoineamh plean na haiste a leagan amach san alt oscailte, eg, labhróidh mé faoi, nó féachfaidh mé ar etc)

Féachaimis ar na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an topaic phráinneach chomhaimseartha seo agus ná bímis ró-neirbhíseach (?) faoi uafás an ábhair. Maidir leis an aeráid dhomhanda, ní mór dúinn a adhmháil go bhfuil athruithe móra tar éis teacht ar an aeráid le blianta beaga anuas. Cad faoi haigéin scriosta le hearraí plaisteacha, an dumpáil rúnda mhídhleathach sna hoícheanta, sráideanna na mbailte is na gcathracha lofa le bruscar brocach caite gan choinsias tar éis scléip is spraoi sna clubanna oíche agus sna tithe sceallóg? Feictear cannaí caite, buidéil bhriste agus páipéir na mbeartán ar fud na háite. (Cad é an pointe atá á chruthú agat anseo? Tá sé níos fearr cloí le hábhar mór amháin i ngach alt)

Tuairiscíodh i bhfómhar na bliana 2018 go bhfuil líon na n-ainmhithe fiáine laghdaithe seasca faoin gcéad le caoga bliain anuas. (Céard faoi cúpla ceann a lua?)  Is náireach agus is scannalach í an fhíric thubaisteach seo. Cuirtear na milleán orainn mar chine daonna. Tá an locht orainn mar bímid ag ró-úsáid ar n-acmhainní nadúrtha a theastaíonn go géar ó na hainmhithe fiáine agus ó na héin fhiáine. (Conas a scriosaimid a ngnáthóga? Céard faoi ainmhí amháin a roghnú agus labhairt faoin dochar atá déanta dá ghnáthóg?)  Ní fada uainn an lá nuair a thiocfaidh díothú ar fhiadhúlra an domhain, (Cén t-ainmhí atá go mór i mbaol?)mar gheall ar théamh domhanda agus ar dhífhoraoisiú. Go simplí tá muintir na hÉireann agus na  cruinne móire ag déanamh dochar dár n-aeráid.

An mbíonn an gnáthdhuine saor ó locht maidir le fadhb mhór dhomanda na timpeallachta? Ní bhíonn, ar ndóigh. D’fhéadfadh saoránaigh na tíre so a gcuid a dhéanamh chun cabhrú leis an timpeallacht a shlánú. An mbítear ag úsáid córas scagtha bruscair, bosca don athchúrsáil, bosca don dramháil nó an bosca múirín? An dtógtar buidéil úsáidte go dtí an banc buidéal? An úsáidtear malaí in-bhithmhillte? An nglactar páirt in imeachtaí áitiúla agus scoile chun an ceantar a choinneáil glan, an Brat Glas, mar shampla, no bailiúchán bruscair ar na sráideanna agus ar na bóithre? An ndóitear breosla iontaise? An ndéantar iarracht timpeallacht ísealcharbóin a chruthú? An ithear an iomarca mairteola? An dtiomáintear carr leictreach? Is maith iad na ceisteanna sin dúinn toisc gurb oscailteoir súl iad dúinne. Dar liomsa ba cheart dúinn bheith buartha faoi fhadhb mhór dhomanda na timpeallachta. (Tá cúpla ceist reitriciúil go breá, ach caithfear topaic a phlé. Céard faoi chúpla moladh a chur isteach freisin, eg, ba cheart, ba chóir srl)

Nach mbíonn trua againn nuair a chloisimid go dtarlaíonn imeachtaí tragoideacha na haimsire géire in Éirinn agus in áiteanna ar fud an domhain? Séidtear stoirmeacha fíochmhara, scriostar bailte móra agus bailte iargúlta. Réabtar tithe is siopaí le cumhacht na gaoithe. Nár tharla tuilte de bharr stoirmeacha Ophelia agus Lorenzo inár dtír féin? Nár maraíodh cupla duine i rith na stoirmeacha sin? Nár fhoglaimaíomear ar fad go bhfuil an téamh domhanda buailte linn ar leac ár ndorais féin, mar a déarfa? Bhlaiseamar an triomacht mhillteach agus an teaspach géar le linn shamhradh 2018. Chonaiceamar titim mhór sneachta i rith an gheimhridh a chlúdaigh gach áit, ag cruthú fadhbanna d’fheirmeoirí agus do na Seirbhísí Éigeandála. Nach dtaispeánann na samplaí sin gur fadhb mhór dhomhanda í ar léibhéal áitiúil?

Cén réiteach atá ar an bhfadhb mhór dhomhanda seo? Ní mór a chur ina luí ar lucht scoile agus ar theaghlaigh go bhfuil dualgas orainn páirt a ghlacadh san fheachtas ar son na glaineachta. Dá mbéadh níos mó comhlachtaí sásta an cinneadh céanna a dhéanamh is a rinne Bord na Móna sa chath in aghaidh an bhreosla carbóin a throid. (Cén cinnead a bhí ann? Cén toradh a bhí air?) D’fhéadfaimis dul gan chupán caife nó  gan bhuidéil phlaisteacha a úsáid. Ba chóir do cheannairí an domhain cloí go docht le Comhaontú Páras. Dá gcoinneodh náisiúin an domhain, Meiriceá san áireamh, faoi bhun an dá chéim d’árdu teochta, b’fhéidir go mbeadh rith an rása againn i gcoinne astaíochta gás ceaptha teasa agus smacht againn ar théamh domhanda.

Mar fhocal scoir, níl le rá agam ach gur fadhb mhór dhomhanda í ag dul in olcas lá i ndiadh lae. Mura dtugann rialtas na hÉireann agus ceannairí an domhain faoin bhfadhb mhór dhomhanda seo, gan aon agó beidh sé in umar na haimléise sa todhchaí. Is maith an scéalaí an aimsir!

Tá caighdeán iontach maith Gaeilge agat. Tá sé iontach gur féidir leat Modh Coinníollach, briathar saor agus Tuiseal Ginideach a úsáid gan stró, Maith thú.

Cúpla moladh faoin aiste – pointe mór amháin i ngach alt agus forbairt déanta air, “mapa” san alt oscailte faoi cad a bheidh á phlé agat. Más fadhb dhomhanda atá ann, cad faoi samplaí ó thíortha a lua – Greta Thunberg ag dul go Meiriceá i mbád seoil chun a pointe a chruthú. Cad iad na tíortha ina bhfuil na hainmhithe i mbaol? Seachain liostaí móra ceisteanna, is leor cúpla ceist chun béim a chur ar phointe éigin.

Stíl – 5/5

Ábhar – 13 / 15

Gaeilge – 70 / 80

 

An tionchar atá ag an athrú aeráide ar phobail éagsúla an domhain (2018)

Níl lá dá dtéann tharainn anois nach mbíonn tagairt éigin don athrú aeráide agus a thionchar orainn sa nuacht. Tá an fhadhb seo ina cnámh spairne le blianta beaga anuas, agus tá sí ag crá agus ag creimeadh an domhain. (Bhí) Tá  tubaistí nadúrtha ann ó ré na gcloch anall ach tá an tionchar atá ag an athrú aeráide ar phobail éagsúla an domhain tar éis ardú as cuimse, agus anois tá an fhadhb mar ghéarchéim phráinneach ár n-aoise. Tá smacht ag an athrú aeráide orainn go léir, agus inniu tá sé ar intinn agam féachaint go mion ar theideal na haiste seo agus anailís a dhéanamh ar an tionchar atá ag an bhfeiniméan seo orainn fud fad an domhain.

I dtosach báire, pléimis an tionchar atá ag an athrú aeráide ar ár bpobal féin in Éirinn. Tuigeann gach mac máthar agus gach iníon athar go bhfuil an athrú aeráide tar éis dul i bhfeidhm orainn sa tírín seo. Cuireadh é sin in iúl dúinn ach go háirithe i mí Dheireadh Fomhair sa bhliain dhá mhíle is a seacht déag nuair a tháinig ‘Stoirm Ophelia’ chugainn. Spéirling uafásach a bhí inti, agus (cúisíodh= was accused) ba í ba chúis leis an uafás damáiste- scriosadh sealúchas, leagadh crainn ar na bóithre, agus ar an drochuair, fuair triúr bás. Is iomaí iarmhairt a bhí ann do mhuintir na hÉireann, agus bhí sé an-deacair orainn an damáiste a chealú. Dúnadh na scoileanna go léir le linn na stoirme sin, agus bhí orthu dúnadh arís an Márta ina dhiadh sin nuair a tháinig ‘Stoirm Emma’, nó ‘An Torathar ón Oirthear’.  De réir na saineolaithe, níor thit an méid sin sneachta le breis agus daichead bliain anuas, agus don dara uair laistigh de sé mhí bhí drochthionchar ag an athrú aeráide orainn go léir. Ní rabhamar ábalta ár dtithe a fhágáil, cuireadh na seirbhisí stáit go léir ar ceal, agus dúnadh gnóthaí  ar fud na hÉireann. Ní féidir cur ina luí orm nach ndeachaigh an t- athrú aeráide go mór i bhfeidhm ar phobal na hÉireann le linn na stoirmeacha thuas luaite, agus is í an fhírinne shearbh ná go ndearna siad luach na milliún euro de dhamáiste do bhonneagar agus d’eacnamaíocht na tíre.

Ar an taobh eile ar fad de, is cosúil gur bhain gach duine taitneamh as an dea-aimsir a bhí ann an samhradh seo caite tar éis bliana drochaimsire. Shroich an teocht naoi gcéim is fiche in áiteanna éagsúla sa tír, agus cé gur bhreá an ní é sin agus muid ag iarraidh dath na gréine a fháil, is cúis imní é freisin. Tugadh ‘triomach’ ar an tréimhse sin, agus bhí feirmeoirí na tíre buailte go dona aige. Meabhraíonn tréimhsí mar sin dúinn go bhfuil an domhan ag éirí níos teo agus go bhfuil méadú tagtha ar an tionchar atá ag an athrú aeráide orainn na laethanta seo. Cinnte, ar an dromchla, is iontach an rud é sin do phobal na hÉireann mar go bhfuil an oiread sin taithí againn ar bháisteach agus ar fhuacht. Ar an lámh eile, áfach, ní féidir linn bheith dall ar na contúirtí a thagann i gcuideachta na haimsire seo, ar nós stoirmeacha leictreacha, ardú leibhéal na bhfarraigí agus ailse craicinn, gan ach cúpla sampla a lua. Mar sin, tuigtear dom gur chóir dúinn uile bheith buartha go leor faoin tionchar atá ag an athrú aeráide orainn mar tá an tionchar sin ag éirí níos mó agus níos dainséaraí lá i ndiadh lae.

Ní hamháin go bhfuil tionchar ag an bhfeiniméan seo orainn in Éirinn, ach freisin tá greim ag an athrú aeráide ar phobail eile timpeall an domhain. Mar shampla, má fhéachaimid trasna an Aigéin Atlantaigh, tá a fhios ag an saol mór agus a mháthair go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar na Stát Aontaithe agus ná tíortha mórthimpeall, mar shampla Pórtó Ríce. I mí Mheán Fómhair sa bhliain 2017, bhí idir uafás agus alltacht orm nuair a chuala mé faoi ‘Spéirling Maria’, agus an dochar a rinneadh i bPórtó Ríce. Réabadh an áit as a céile, maraíodh thart ar thrí mhíle duine, agus fágadh na mílte duine gan dídean. In Éirinn bíonn sé dúshlánach go leor dúinn dul i ngleic leis an damáiste a thagann i gcuideachta adhaimsire (?) , ach i bPórtó Ríce tá na saoránaigh fós ag iarraidh a saolta a athbhunú agus is scanrúil an rud é sin. Léirigh an eachtra uafásach seo dom go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar phobail éagsúla ó cheann ceann na cruinne, agus is fíor go bhfuil sé ina ábhar imní dúinn uile.

É sin ráite, de réir mar a fheicimse féin é, tá an tionchar is mó agus is measa ag an athrú aeráide agus cúrsaí aimsire ar phobal an triú domhain. I mo thuairim, tá sé scannalach go bhfuil na daoine is leochailí agus is soineanta ar domhan ag fulaingt an méid is mó de dheasca na faidhbe seo. Toisc go bhfuil an domhan ag éirí níos teo bliain i ndiadh bliana, tá triomaigh agus gorta go forleathan sna tíortha i mbéal forbartha ar nós Uganda agus an Congó. Leis an teas uafásach atá ann, níl na daoine ábalta a mbarraí a chothú agus bíonn ar níos mó páistí óga scoil a fhágáil chun cabhrú sa bhaile nó chun dul i mbun oibre chun airgead a thuilleamh dá gclann. Gan an t-oideachas sin, tá sé geall le bheith dodhéanta dóibh saol níos fearr a dhéanamh dóibh féin nó dul chun cinn a dhéanamh sa saol in aon chor. Fáinne fí atá ann, agus taibhsítear dom go bhfuil sé go hainnis go bhfuil na daoine leochaileacha seo ag fulaingt agus ag streachailt mar thoradh ar chúrsaí aimsire agus an greim atá ag an athrú aeráide orthu. Cruálacht lom atá ann, agus cuireann sé  fearg orm pé uair a chuiním chuimhním air.

Anois go bhfuil an tionchar atá ag an athrú aeráide ar dhaoine ar fud an domhain pléite agam, is dócha go bhfuil sé tráthúil ceist a chur- cé atá freagrach as an ngéarchéim uafásach seo? Is oth liom a rá go bhfuil an chuid is mó den locht ar an gcine daonna sinn féin. Deirtear nach raibh na leibhéil dé-ocsaíd charbóin agus gáis cheaptha teasa riamh chomh hard is atá siad le trí chéad bliain anuas, ‘sé sin nuair a thosaigh an réabhlóid thionsclaíoch. Go háirithe anseo in Éirinn táimid ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise ó thíortha thar lear, agus nuair a dhóimid na breoslaí sin, scaoiltear dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar. Cuireann na sceitheadh seo le téamh domhanda agus leis an athrú aeráide agus is iad sin is cúis leis na fadhbanna go léir atá againn ó thaobh timpeallachta de. Gach uair a théimid i muinín an ghluaisteáin in ionad dul ag rothaíocht, cuirimid lenár lorg carbóin. Aon uair a chuirimid aon rud sa bhosca bruscair, táimid ag cur leis an méid dramhaíle atá á chur i laithreán líonra talún. Táthar ag tuar go n-ardóidh leibhéal na bhfarraigí breis is cúig cheintiméadar chuile bliain, go n-éireodh an domhan níos fliche agus níos teo fiú mar atá sé sa lá atá inniu ann, agus go mbeidh níos mó tuilte, aimsir antoisceach agus fulaingt ann má leanaimid ar aghaidh mar seo sna blianta atá romhainn.

Is léir don dall go gcaithfimid rud éigin a athrú, ag céard is féidir linn a dhéanamh? Buíochas le Dia, tá sé de chumhacht againn an tionchar atá ag an athrú aeráide orainn a laghdú.  I dtosach báire, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil sé thar am dúinn an ruaig a chur ar ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Anseo in Éirinn tá cumhacht na bhfarraigí thart timpeall orainn, agus ba chóir go mbeimisne mar cheannródaithe i bhforbairt na teicneolaíochta glaise seo. Caithfimid foinsí inathnuaite fuinnimh a thógáil agus a úsáid sa treo is go mbeimid saor ónár spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Ina theannta sin, tá infheistíocht ag teastáil chun féachaint chuige nach bhfulaingeoidh bonneagar sa tír seo agus sna tíortha i gcéin de dheasca thionchar na haimsire arís. Rud eile , ba cheart dúinn an cháin charbóin a ardú chun spreagadh a thabhairt don phobal ár lorg carbóin a ísliú agus chun cúnamh a thabhairt do na daoine bochta sna tíortha i mbéal forbartha a bhfuil ag streachailt go crua leis an athrú aeráide.

‘Ar scáth a chéile a mhairimid’ a deir an seanfhocal, agus oireann sé go mór do na fadhbanna atá againn na laethanta seo mar thoradh ar an athrú aeráide. Tá todhchaí an phlainéid idir dhá cheann na meá agus tá todhchaí an chine dhaonna ann chomh maith. Agus muid ag tabhairt aghaidhe ar an todhchaí, is den riachtanas é go n-oibreoimid le chéile chun dul i ngleic leis an tionchar atá ag an athrú aeráide orainn ar gach cearn den domhan, go gcloímid leis na rialacha a tháinig ón gComhaontú Páras, agus go seasaimid an fód le chéile chun an fhadhb seo a réiteach, ar áis nó ar éigean. Mar a deir an seanfhocal, ‘is maith an scéalaí an aimsir’!

Feedback: any mistakes I found were minor, just spelling errors. It is the probably equivalent to the standard of a teacher! My only reservation is around the length – it is not required or realistic.

Staid na Gaeilge faoi láthair.

Tír gan teanga, tír gan anam. Ba é Pádraig Mac Piarais a dúirt na focail sin. (Faraor), tá an chuma ar an scéal, áfach,  go bhfuil todhchaí neamhchinnte i ndán do Ghaeilge na tíre seo, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. San aiste seo, déanfaidh mé anailís ar thrí ghné a bhainnean le staid na Gaeilge faoi láthair. I dtús báire, pléifidh mé an  easpa seirbhísí agus deiseanna fostaíochta i gceantair thuaithe agus i gceantair Ghaeltachta. Pléifidh mé  na pobail bheaga Ghaeilge thar lear agus scríobhfaidh mé freisin faoin nGaeilge i scoileanna. Faoi deireadh thiar thall, luafaidh mé cúpla pointe faoi staid na Gaeilge i mo scoil, Ashton. (Tá an t-alt oscailte seo píosa rófhada; níor chóir go mbeadh sé níos faide ná na haltanna eile; níl ann ach réamhrá)

Mar is eol do chách, is iomaí dúshlán atá roimh cheantair Ghaeltachta. Tá daoine óga na nGaeltachtaí ag dul ar imirce toisc nach bhfuil áiseanna ann. Téann siad go dtí cathracha móra na tíre nó fiú ar imirce chun tíortha thar lear. Bíonn sé deacair an Ghaelige a chaomhnú nuair a fhágann cainteoirí óga Gaeilge ceantair Ghaeltachta. Ar an dea-uair, tá nóta dóchais ann. Tá fás mór ar líon na gcainteoirí gníomhacha i gceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht. (Cén fáth a bhfuil a bhfuil tábhacht leis na Gaeltaachtaí? Cén stáir atá leo? )

I láthair na huaire, tá méadú mór ar líon na nGaelscoilenna agus na nGaelcholáistí sa tír. Chomh maith le sin, tá pobail bheaga Ghaeilge i gCeanada, i Sasana, agus i dtíortha eile thar lear. Ach an féidir leis na pobail seo an Ghaeilge a choinneáil beo? Is maith an scéalaí an aimsir. Caithfidh an Rialtas a aithint, áfach go mbraitheann na Gaelgeoirí seo ar Ghaeilge na Gaeltachta. Má chailltear saibhreas na teanga: scéalta, dánta, seanfhocail, nathanna agus a leithéid, beidh sé rídhúslánach an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga chomaimseartha. Ní féidir linn anam ár dtíre a chailleadh. (Cad a fhaigeann páistí as na Gaelscoileanna? Cad a dhéanann daoine ag na pop-up Gaeltachtaí?)

Admhaítear sa lá atá inniu ann go bhfuil caighdeán na teanga níos ísle  ná mar a bhí ag tús an chéid seo caite. I mo thuairimse is é seo ar ndóigh a deir  ? (is é sin an fáth a deir daoine?) nach fiú an Ghaeilge a choinneáil beo agus tá daoine ann a cheapann nár chóir go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach. Ba mhaith liom dul i ngleic leis an tuairim seo. Tá an Ghaeilge fós mar abhár éigeantach sna scoileanna. Ar chóir an Ghaeilge a dhéanamh roghnach? N’fheadar, ach dar liom, ní roghnódh ach líon beag daltaí an Ghaeilge dá mbeadh cead a chinn acu. Nach mbeadh sé i bhfad Éireann níos fearr leasaithe a chur i bhfeidhm sna modhanna múinte agus sa churaclam seachas buille marfach a thabhairt di sa seomra ranga. Dá mbeinn i m’Aire Oideachais chuirfinn béim láidir ar labhairt na Gaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil dár ndóigh. Is bréa liom an Ghaeilge, ach caithfidh mé a admháil go bhfuil an fhilíocht agus an prós saghas leamh leadránach. Tá a bhformhór seanfhaiseanta agus as dáta chun an fhírinne a rá.

I mo scoil féin, cuirimid  béim mhór ar an nGaeilge. Ba cheart dúinn beidh brodúil aisti gan aon amhras. I rith sheachtain na Gaeilge, bíonn go leor imeachtaí ar siúl. Mar shampla, bíonn céilí, tráth na gceist, seomra caidrimh ag am lóin agus bíonn tionóil speisialta ar siúl againn. Tugann bainistíocht na scoile seo tús áitedon Ghaeilge. Tá an t-ádh dearg ag mé féin agus ag na scoláirí eile mar déanann ár scoil a seacht ndícheall i rith  sheactain na Gaeilge. Bainimid taitneamh agus tairbhe as an teanga.

Ar an deireadh thiar, caithfidh mé a rá go bhfuil an-ghrá agam don Ghaeilge agus tá siúl agam go rachaidh an teanga ó neart go neart. Mar a deir an seanfhocal, is fearr Gaeilge bhriste ná Bearla cliste.

Táim den tuairim gur cheart duit níos mó taighde a dhéanamh roimh scríobh na haiste duit.

Luaigh tú topaicí a bhí suimiúil ach gan mórán eolais orthu (eg na pop-up gaeltachtaí – bheadh eolas faoi sin an-suimiúil. )

Níl doimhneacht (depth) ábhair agat sna haltanna. Ba cheart smaoineamh mór amháin a phlé I ngach alt , ie níor chóir na Gaeltachtaí agus na gaelscoilenna a chur le chéile – dean níos mó taighde orthu – cén buntáistí atá ag na scoileanna etc. Gan an doimhneacht sin, níl saibhreas teanga agat

NB – ráiteas nó teideal na haiste a lua go minic

S – 5/5

Á – 9/15

G – 56/80

An tEarrach Thiar – Baineann an file úsáid éifeachtach as íomhanna sa dán, déan an ráiteas seo a phlé?

Creidim go láidir go mbaineann an file úsáid fhíor- éifeachtach as íomháanna sa dán, an tEarrach Thiar. Tá sé seo le feiceáil ó thús go deireadh an dáin. Tugann an file ceithre íomhá de shaol síochánta foirfe an oileáin sa dán seo sna ceithre véearsa. Sna híomhánna éagsúla, feicimid an duine agus an dúlra ag comhoibriú lena chéiíle. Bíonn cuid de na híomhánnna dírithe ar an gcluas agus cuid acu díobh dírithe ar an tsúil. 

Sa chéad véarsa tá íomhá ann d’fheirmeoir amuigh ag rómhar ina gharraí, ag cur glasraí. Tá an ghrian ag taitneamh agus is lá álainn é. Tá an íomhá seo dírithe ar an gcluas. Níl tada le cloisteáil an lá ciúin meirbh seo ach fuaim dhíoscánach na spáide. Is fuaim álainn cheolmhar í, dar leis an bhfile.“Fear ag glanadh cré, De ghimseán spáide, Sa gciúineas shéimh, I mbrothall lae: Binn an fhuaim”

Tar éis chruatan an gheimhridh, fáiltíonn na feirmeoirí roimh an earrach mar gur mhaith leo a bheith amuigh ag obair sna garraithe, ag cur glasraí a chothóidh iad féin agus a gclann don chuid eile den bhliain. Níl aon mháistir ag an bhfeirmeoir ach é féin agus an aimsir agus oibríonn sé ar a luas féin. Úsaideann an file aidiachtaí moltacha dearfacha sa véarsa seo. Baineann binneas, síocháin agus áilleacht leis an íomhá seo. (Ach conas mar atá sé éifeachtach?) Cruthaíonn an file atmaisféar ciúin síochánta sa véarsa seo.

Tá an dara híomhá dírithe ar an tsúil. Baineann an file sárúsáid as dathanna sa dara véarsa. Feicimid an fheamainn dhearg ag taitneamh faoin ngrian ar an trá bhán. Bhí sé de nós ag na feirmeoirí feamainn a bhailiú le cur ar an talamh mar leasú san earrach. Fadó, chuir siad an fheamainn i gcliabh agus chuir siad an cliabh sin ar a ndroim chun an fheamainn a iompar ón trá

‘Fear ag caitheadh,Cliabh dhá dhroim, Is an fheamainn dhearg, Ag lonrú I dtaitneamh gréíne,Ar dhuirling bháín’

Tá gach rud geal agus álainn san íomha seo. Cé go bhfuil an obair seo crua, ní mhothaímid go gcuireann sé isteach ar an bhfeirmeoir. Arís cruthaíonn an file atmaisféar síochánta sa véarsa seo. (Arís, cad é an éifeacht?)

Tá an tríú véarsa dírithe ar an tsúil freisin. Sa véarsa álainn seo, feicimid muintearas an oileáin. Feicimid na mná le chéile ag baint feamainne ar an trá nuair atá an taoide imithe amach. Nuair a bhí Máirín Ó Direáin óg, théadh sé lena mháthair agus leis na mná eile go dtí an trá ag baint carraigín. Thaitin sé go mór leis na mná a bheith le chéile, amuigh faoin ngrian tar éis an gheimhridh istigh. “ Támh – radharc síothach. San Earrach thiar.”

Cruthaíonn an file atmaisféar suaimhneach sona leis an íomhá seo, íomhá atá bunaithe ar chuimhní óige an fhile. (éifeacht?)

Tá an ceathrú híomhá dírithe ar na gcluas agus ar an tsúil. Baineann an íomhá seo leis na hiascairí ag filleadh abhaile tar éis lá amuigh ag iascach. Tá an bád beag, an churach, lán d’éisc agus tá na hiascairí ag rámhaíocht abhaile go ciúin ar an bhfarraige órga. Cloistear fuaim lag fholamh ó na maidí rámha, fuaim shuaimhneach shíochánta. Arís tá an ghrian ag taitneamh san íomhá seo agus táimid in ann an fharraige órga a fheiceáil inár n-intinn. (go maith, tá tú ábalta é a fheiceáil go héasca i d’intinn = íomhá an-éifeachtach) Radharc álainn a chruthaíonn an file anseo. “Toll-bhuillí fanna, Ag maidi rámha, Currach lán d’éísc, Ag teacht chun cladaigh, Ar ór-mhuir mhall”

Íomhá atá anseo de lá foirfe ar an oileán agus léiríonn sé grá an fhile d’oileán a óige. Cruthaíonn sé atmaisféar suaimhneach síochánta anseo arís, na hiascairí sona sásta ag filleadh abhaile tar éis lá rathúil amuigh ar an bhfarraige.

Is aoibhieann liom an dán seo, mar tá na híomhánna gleoite ar fad. Déanann an file cur síos maoithneach ar an earrach in iarthar na hÉireann agus cuireann sé slite beatha na n-oileánach os ár gcomhair ar bhealach an-ealaíonta. Is léir go raibh sé i dtiúin le nádúr an oileáin agus gur mhothaigh sé an tionchar a bhí ag na fuaimeanna, na dathanna, na radhairc ón oileán air. Mar sin n de creidim gur bhain an Direánach usáid chliste agus paiseanta as íomhánna ó thús go deireadh an dáin. I ndáiríre, thaitin ag dán go mór liom de bharr na nhíomhanna cumhachtacha a chuir béim ar ghrá an fhile dá áit dúchais, Inis Mór agus dá bharr ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar Inis Mór lá éigin, is go bhfeicfinn féin an iontas a bhraith an fhile ann. (toisc gur mheall na híomhánna éifeachtachta mé etc) 

An líon focal : 744 

Sár-fhreagra – caighdeán na Gaeilge ar fheabhas, caighdeán an fhreagra ar fheabhas

Cúpla rud le smaoineamh orthu: 

Ná déan dearmad go mbíonn eochairfhocail i gcónaí sa cheist agus go gcaithfear cloí leis na focail agus na téamaí sin tríd is tríd

Oscail le freagra ar an gceist, agus bris an freagra sin ón gcuid eile den fhreagra; leag amach do mheon ar an gceist agus lean ar aghaidh. 

Conas is féidir le híomhá bheith éifeachtach? Más íomhá éifeachtach atá i gceist, bheifeá ábalta an rud atá i gceist ag an bhfile a fheiceáil go han-éasca i d’intinn. Eg, tá muintir an oileáin ina steillbheatha (they are very life like); tá sé an-éasca na daoine agus áilleacht an cheantair a shamhlú etc. 

Tá an freagra an-fhada, níos faide ná aiste. Níl le fáil ar cheist mar seo ach 15 marc, agus nílim cinnte an mbeadh an t-am sin agat le linn pháipéar 2. 

Ábhar 11/13

Gaeilge 2/2 

13/15 

An Córas Sláinte sa tír seo, an laige is mó atá againn?

Ábhar mór leathan is ea é seo faoin gcóras sláinte in Éirinn inniu. Ábhar iltaobhach, achrannach is ea é agus ar oscailt na haiste seo (dom? – ón (my) opening of this essay?) , cuireadh ag smaoineamh láithreach mé ar an bhfadhb seo. (Dar ndóigh, ceann de scéalta móra na linne is ea an córas sláinte atá go mór i mbéal an phobail in Éirinn le roinnt blianta anuas – is leor 1-2 abairtí ginearálta ag an tús). Bíonn an cheist seo faoi chaibidil sna meáin chumarsáide go minic agus tá sé pléite agus athphléite ag polaiteoirí, iriseoirí, saineolaithe agus ag an bpobal i gcoitinne. Ach in ainneoin na cainte go léir, ní féidir a shéanadh go bhfuil an fhadhb seo ina cnámh spáirne le fada anuas agus tá sé thar am teacht ar réiteach fiúntach.

De bharr sin, ba chóir dom an scéal go léir a iniúchadh agus mo thuairim féin a thabhairt ar na fadhbanna a bhíonn ag cur isteach ar ár gcóras sláinte agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhise Sláinte. Tríd an aiste seo, beidh mé ag plé na liostaí feithimh, an ganntanas leapacha, na dochtúirí a bhíonn ag obair ó dhubh go dubh agus fadhb na hotrachta, a bhíonn go léir ag cur brú uafásach ar na seirbhisí éigeandála. Pléifidh mé freisin scannal na dtástálacha broinne a ceilteadh ar mhná.

Is léir don dall go bhfuil  liostaí dochreidte feithimh sa chóras poiblí le haghaidh obráidí . Bíonn daoine ar fud na tíre ag fanacht agus ag fulaingt agus is mór an scannal é seo. Sin an chúis is mó go bhfuilim den tuairim gurb é an córas sláinte an laige is mó atá againn sa tír nua aimseartha seo. Anuas ar sin nuair a fhaigheann na daoine an dáta cinniúnach don obráid, bíonn orthu fanacht arís ar feadh cúpla uair an chloig ar na trálaithe i bpasáistí ospidéil mar thoradh ar an nganntanas leapacha ar fud na tíre. Ní haon slí í seo caitheamh le daoine a bhfuil tinneas orthu. (Cén fáth a mbíonn ar dhaoine fanacht? An bhfuil aon réiteach agat ar an bhfadhb? Cad a tharlaíonn taobh istigh den chóras príomháideach?)

Níos measa fós, is minic a bhíonn ar na h-oibrithe sna hospidéil uaireanta fada a dheanamh gan nóiméad sosa a bheith acu. Sin an chúis go bhfuil an-chuid dochtúirí ag fágail na tíre chun post níos fearr a fháil thar lear. Mar thoradh ar na huaireanta míréasúnta, bíonn seans níos mó go ndéanfaidh na hoibrithe botúin agus dá bhrí sin sílim gurb é  an córas sláinte an laige is mó atá againn. (Céard faoi na haltraí? Stailc na naltraí? Cén fáth a raibh siad ar stailc? Cad a deir sé sin faoin gcóras?)

Faraor, creidim go láidir go bhfuil na fadhbanna atá ag an gcóras lochtach seo ag méadú. Tá daonra na tíre seo ag dul in aoise agus tá fadhb na hotrachta ag cur brú dochreidte ar na seirbhisí éigeandála. Dar leis na staitisticí ó Pharlaimint na hEorpa, is í  an otracht is  cúis le 2-8% de chostas sláinte na  hÉireann. Ní haon ionadh é mar sin go bhfuil an córas sláinte ina phraiseach. Ar an nóta sin, ceapaim gurb é an córas sláinte an laige is mó againn sa tír seo mar níl Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag deanamh a ndícheall chun stop a chur leis an otracht in Éirinn. Meastar go bhfuil tríocha faoin gcéad de dhaoine sa tír seo róthrom agus níl faic déanta ag an Rialtas faoi. Ba chóir don Rialtas níos mó airgid a infheistiú chun nathanna sláintiúla a chur chun cinn agus cáin a chur ar bhia míshláintiúil. Sa tslí sin, bheadh muintir na tíre níos sláintiúla agus ní bheadh orthu a bheith ag fanacht sna hospidéil. Faoi mar a deir an seanfhocal “Is fear cosc na leighis”. (Cén fáth a bhfuil fadhb chomh mór againn le hotracht sa tír seo sa lá atá inniu ann? Cad is cúis léi? Cad iad na galair a ghineann ón otracht? Cén fáth a bhíonn ar dhaoine atá róthrom freastal ar na hospidéil?)

An fhírinne a chuireann déistin orm ná an scannal CervicalCheck. Fuair níos mó ná dhá chéad bean torthaí tástála míchearta agus anois tá siad tinn. Níl aon duine de lucht riartha na tíre ag seasamh suas agus níl aon duine acu sásta freagracht a ghlacadh Tá mná na hÉireann ag fáil bháis agus ba chóir go mothódh an Rialtas náire. Mar shampla, bhásaigh Emma Mhic Mhathúna i 2018 agus í 37 bliain d’aois. D’fhág sí cúigear páistí ina dhiadh. Is scannal an-bhrónach é seo. (Conas a fuair siad na torthaí míchearta? Cad a tharla ansin? Cén galar a bhí orthu? Vicky Phelan?)

Mar fhocal scoir, tá gníomh ag teastáil ón Rialtas. Fadhb mhór í seo faoin gcóras sláinte agus tá sé de dhualgas ar an Rialtas a ndícheall a dhéanamh chun an fhadhb seo a réiteach.

An Líon focal = beagnach 700, ach, beagnach 200 de seo ar réamhrá (introduction) agus níl go leor eolais sna haltanna eile. Tá sé níos tábhachtaí pointí fada a scríobh, seachas réamhrá fada.

Tá caighdeán maith gramadaí tríd an aiste, caighdeán maith saibhris Ghaeilge, ach tá i níos mó eolais ag teastáil.

S = 5/5

Á = 11/15

G = 60/80

= 76%

Níl an córas sláinte in Éirinn ag freastal ar shaoránaigh na tíre seo

(Córas Sláinte na hÉireann– The Irish Health System  vs The Health System in Ireland)

Ní féidir a shéanadh ach gur fhadhb mhór fhorleathan í córas sláinte na hÉireann. (Níl aon rud mícheart, ach bheadh sé níos fearr a rá go bhfuil fadhbanna leis an gcóras, seachas córas = fadhb) Níl ár gcóras sláinte ag freastal orainn, muintir na hÉireann, ar chor a bith. Is ar éigin a théann lá tharainn nach bhfuil trácht  éigin sa nuacht faoi na droch-chinntí atá á ndéanamh ag an rialtas agus an drochmheas atá á léiriú acu ar shaoránaigh na tíre seo. Is léir go gcaithfimid dúiseacht as ar suan agus tabhairt faoi deara go bhfuil ár gcóras sláinte ina chíor thuathail agus go bhfuil ár bpolaiteoirí ag dó na geirbe ag sochaí na hÉireann.

Tá clú agus cáil ar Éirinn ar fud na cruinne mar thír fhorbatha álainn. Mar sin, cén fáth go bhfuil na hospidéil cosúil le cinn i dtíortha i mbéal forbatha? Níl an córas sláinte in ann freastal ar mhuintir na hÉireann mar gheall ar na liostaí fada feithimh! Is léir gur cuma le rialtas na hÉireann faoi na daoine a bhíonn ag streachailt chuile lá gan aon seirbhísí sláinte cearta. Tá sé an-soiléir go bhfuil an lucht ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, lena ndroch-chinntí agus a ndrochstiúradh. Caitheann an Ghearmáin, mar shampla, i bhfad níos lú airgid ar a roinn sláinte agus fós ní bhíonn na líostaí feithimh leath comh fada! Is scannal ollmhór é seo. Táim comh cinnte ‘s a bhfuil cos ar asal nach bhfuil ár gcóras sláinte ag freastal ar muintir na hÉireann. (T) Fágtar  na daoine is laige inár sochaí  tréigthe! ‘Ní lia duine ná  tuairim’ agus níl aon amhras ach gur fíor an seanfhocal seo maidir le córas sláinte na hÉireann.

Níos measa fós, is léir nach bhfuil meas madra ag an rialtas ar dhochtúi ná, ar altraí ach  go háirithe.. Ƒágann thart ar 60% d’ (bhan)altraí na hÉireann ár gcóras sláinte chun obair a lorg thar lear. Is tragóid é sin. (Cruthaítear) Cuirtear oideachas ar na daoine is oillte agus is eirmiúla in Éirinn agus bíonn orthu fágail mar gheall ar an drochmheas a léiríonn rialtas na hÉireann orthu. An gcreidfeá é? Bíonn dochtúirí agus (ban)altraí ag obair ó dhubh go dubh, lá i ndiaidh lae ag déanamh a seacht ndícheall chun freastal ar shaoránaigh na hÉireann, ach níl sé seo fiúntach fiú. Níl siad in ann freastal ar shaoránaigh na tíre seo mar nach bhfuil ár rialtas ag tabhairt aon chúnamh dóibh. Níl ár gcóras sláinte ag freastal ar na (ban) haltraí ná ar  chuile dhuine a n-oibríonn go crua, (cruathallach?) sa chóras seo, ach oiread. Is léir nach dtuigeann Simon Harris, an tAire Sláinte an seanfhocal ‘ ar scath a chéile a mhaireann na daoine’ agus é ag fágail (sláinte?) slán le muintir oillte na hÉireann go tíortha a bhfuil córas sláinte ceart iontu.

Anuas ar sin, fiú nuair a bhíonn áit san ospidéil agus nuair a bhíonn dochtúirí agus (ban)altraí ar fáil, bíonn fadhb fós. Tá ganntannas ollmhór leapacha sna bardaí in ospidéil, go háirithe  sa Roinn Éigeandála. Tá easpa spáis, áiseanna, dochtúirí, (ban)altraí gach uile rud inár gcóras sláinte. Nach bhfeiceann sibh an fhadhb! Is é  córas sláinte na hÉireann ceann de na scannail is conspóidí agus is tragóidí sa ghlúin seo. Is mór an trua nach dtuigeann rialtas na hÉireann an seanfhocal ‘is fearr an tsláinte ná an táinte’ agus iad ag rialú ár dtíre.

Caithfimid go léir obair le chéile mar thír dhaonlathach chun réiteach a aimsiú ar an bhfadhb chasta seo. Is léir gurb iad   na  táinte  is cúis le fadhb  na  sláinte sa scannal seo. Is é easpa airgid an fhadhb lárnach inár gcóras sláinte. Tá an Roinn Sláinte agus an rialtas ina iomlán tar éis praiseach a dhéanamh de thógail an ospidéil leanaí nua seo. Cosnóidh sé thart ar 2 bhilliún euro a thógail. Samhlaigh é sin! Beidh sé ar cheann de   na  hospidéil is costasaí ar fud na cruinne! ‘S deir siad nach bhfuil  a  dhóthain airgid acu chun freastal ar shaoránaigh na tíre seo, go háirithe na (ban) haltraí, agus iad ag agóid de bharr easpa airgid! Tá a fhios ag madraí na sráide gur seafóid é seo go huile is go hiomlán. Táim comh feargach le puc ar buile mar níl seans dá laghad go bhfuil córas sláinte na hÉireann ag freastal ar shaoránaigh na tíre seo. Áfach, bíodh dóchas againn, mar a deir an seanfhocal; ‘de réir a chéile a thógtar na caisleáin

Go maith – leagan amach, altanna, nathanna, struchtúr na n-abairtí, litriú den chuid is mó

Le feabhsú – alt oscailte – abair cad faoi d’aiste, cad iad na príomhphointí; alt deiridh, ná cuir isteach eolas nua (Ospidéal na Leanaí)

Stíl – 5/5

Ábhar – 11/15 (bheadh alt iomlán faoi stailc na n-altraí an-mhaith anseo)

Gaeilge: 62/80

Iomlán: 78

Dís: ‘Ní ghlacann bean an tsuirbhé pairt rómhór sa scéal seo, ach léiríonn sí na fadhbanna atá sa chaidreamh idir an bheirt phríomhcharactar.’

Essay 1

Aontaím go huile is go hiomlán leis an ráiteas sin. Ní dóigh liom go nglacann bean an tsuirbhé páirt rómhór sa scéal, ach is cinnte go léiríonn sí fadhbanna idir an lánúin phósta.

Ar an gcéad dul síos, is léir go raibh fadhbanna sa chaidreamh (roimh a rinne) sula ndearna bean Sheáin an suirbhé. Thug an suirbhé seans don bhean chéile gearán a dhéanamh faoina saol mar bhean tí. Is léir go bhfuil mí-shonas agus frustrachas ar an mbean chéile. Bíonn sí ag déanamh curaimí tí agus ag tabhairt aire don leanbh an lá ar fad, nuair a bhíonn Sean amuigh  ag obair agus ag tuilleamh airgead. (An bhfuil aon fhianaise (evidence) ón scéal a thaispéanann é sin? )

Tá uaigneas ar an mbean-chéile mar ligeann sí bean an tsuirbhé isteach sa  teach chun cainte léi. Nuair atá an bhean ag caint léi, éiríonn sí feargach faoin ról atá aici mar bhean tí.i. Tugann sí eolas do bhean an tsuirbhé. (Cén sórt eolais a thugann sí?)

(Roimh atá – roimh + ainmfhocal, sula + briathar) Sula raibh an lánúin ag caint faoin suirbhé, tá atmaisféar nádúrtha agus suaimhneach, (* ach ní raibh siad ag caint…) ach nuar a chloiseann Sean faoin suirbhé, bíonn raic ann. Tá fearg ar Sheán mar thug a bhean chéile eolas príobháideach amach. Deirtear  sa  sliocht nuachtáin go bhfuil (haon as) ceathrú  de mhná pósta  mí-shásta. Tugann an suirbhé seans don bhean insint do Sheán cé chomh mí-shona is atá sí mar bhean tí. Is léir nach n-oireann an tslí bheatha di agus ba mhaith léi dul amach ag obair.

Léiríonn bean an tsuirbhé an méid suime atá aige I saol a mhná -céile (TG). Ní bhíonn sé ag tabhairt aon tacaíocht di. Tugann sé freagraí borba, drochbhéasacha di ar nós ‘huh’ agus ‘sea’ Úsáideann an bhean searbhas leis; ‘Níl ionam ach staitistic’ Is léir go bhfuil mianta difriúla ag an lánúin, ba mhaith leis an bhfear a bheith ag léamh an nuachtáin ná a bheith ag éisteacht dá bhean chéile.

‘An nuachtán níos tábhachtaí ná mise’

Is cinnte go  nglacann bean an tsuirbhé ról sa scéal mar tugann sé seans don bhean caint faoi na fadhbanna atá aici lena fear céile. Ba mhaith léi éalú ón sórt saoil seo agus feicimid é seo mar thoradh an tsuirbhé. Nochtann an suirbhé na fadhbanna atá eatarthu.

Word count – 372

Ar an drochuair, níl go leor sonraí (details) agat sa fhreagra seo. Agus mar thoradh, tá an freagra róghearr.

Rinne bhean an tsuirbhé níos mó ná na fadhbanna a nochtadh – cad faoin leanbh? Nuair a dúirt sí go raibh sí ag iompar clainne agus go raibh bean Sheáin chun ionadaíocht a dhéanamh di chun sorn a cheannach.

Cathain a ndearna sí an suirbhé? Cén fáth gur thug sí na freagraí a thug sí?

Níor thaispeáin tú go raibh mionsonraí (small details) an scéil ar fad ar eolas agat cé go ndearna tú iarracht an cheist a fhreagairt.

Cad a tharla nuair a thosaigh bean Sheáin ag rámhaille agus ag clamhsán? (ranting and raving)

Ceist a  fhreagairt, téama agus sonraí an scéil a thaispeáint – 13/25, Gaeilge 3/5 = 16/30

Essay 2

Aontaím leis an ráitéas sin, gan amhras. Is mioncharactar í bean an tsuirbhé ach glacann sí ról tábhachtach in imeachtaí an gearrscéil. Tugann si deis do bhean Sheáin a frustrachas a scaoileadh amach. Usáideann Siobhán Ní Shúilleabháin an suirbhé mar uirlis chliste chun na fadhbanna sa chaidreamh a léiriu dúinn agus is í bean an tsuirbhé an caractar a sheinneann an uirlis seo sa scéal. (Cad iad na fadhbanna?  Abair amach cad iad agus úsáid samplaí ón scéal. Tá leadrán orthu; tá an paisean imithe; tá fadhbanna cumarsáide acu. Eg, tá siad ina suí sa seomra suí le chéile, leanbh ina luí, stéig ag díreo, carr sa gharáiste ag díluachaíl, an meadar leictreachais ag dul timpeall)

(Tosaigh ag tús an scéil – cá raibh Seán agus a bhean nuair a thosaigh an argóint seo? Conas a scríobhadh an scéal? – agallamh beirte – (duologue). Taispeánann an comhrá “beo” an mhíthuiscint eatarthu)

Is bean neamhspleách  chumasach í  bean an tsuirbhé. Tá a post féin agus a hairgead féin aici. Mar sin, tá codarsnacht mhór idir í féin agus bean Sheáin- bean tí lánaimseartha. Ceapaim go bhfuil bean Sheáin in éad léi agus tuigeann sí nach bhfuil sí sásta ina ról mar bhean tí. Tá uaigneas uirthi sa teach ina haonar leis an leanbh nuair a théann Seán amach ag obair lá ina dhiadh lae. Tá comhluadar ag teastáil uaithi agus sin an fáth a chuireann sí failte roimh bhean an tsuirbhé an mhaidin sin. Tá sí lánsásta a bheith ag caint léi chun éalú ó riachtanais na beatha. (Tugann) Thabharfadh (Modh Coinníollach – mar ní raibh aon rud cinnte faoin socrú a rinne siad) bean an tsuirbhé deis do bean Sheáin triail a bhaint as slí bheatha nua. (Bíonn) Bheadh sí chun seasamh isteach do bhean an tsuirbhé mar ionadaí agus í ar shos máithreachais. Tá sé soiléir dúinn go (bhfuil) mbeadh áthas ar bhean Sheáin rud nua a dhéanamh agus (beidh) bheadh sí ábalta sorn nua a cheannach.

Deirtear  sa  suirbhé go bhfuil an ceathrú cuid de mhná pósta sa tír seo míshona agus míshásta – deir bean Sheáin go bhfuil sí ina measc. Admhaíonn sí gur inis sí bréaga sa suirbhé toisc  nach raibh sí i ndea-ghiúmar an mhaidin sin. Bhí an teach bun os cionn, tháining an bille leictreachais agus bhí sí ar buile le Seán – ach ní cuimhin léi cén fáth. Bhain sí taitneamh as scéalta uafásacha a chumadh faoin a fear céile. Léirionn é sin na fadhbanna sa chaidreamh. Déanann sí é sin toisc go bhfuil an leadrán agus an t-uaigneas ag cur isteach uirthi. (Cad faoi ról na mban sa tsochaí? Cén fáth nach bhfuil ainm ar bhean Sheáin? Cad faoin tSín, agus leabhar dearg Mao? Cén ról a bhí ag na mná sin?)

Tagann na fadhbanna sa chaidreamh chun solais tríd an gcómhrá a bhíonn eatarthu. Tarlaíonn an comhrá sin mar thoradh ar an  suirbhé. Tá sé soiléir dom nach bhfuil mórán cómhrá déanta acu roimhe sin mar ní thuigeann siad dearcadh a chéile. Tá siad beirt ag fulaingt ón easpa tuisceana agus ón easpa cumarsáide (á bhfulaingt orthu). Ceapeann Sean nach bhfuil le déanamh aige ach soláthar dá chlann. I gcodarsnacht le sin, teastaíonn comhluadar agus caidreamh ón mbean. Tá sé drochbheasach di – fadhb eile sa chaidreamh. Is é ‘Hu’ an freagra amháin a fhaigeann sí uaidh i rith an chómhrá agus titeann sé ina choladh agus í fós ag caint.

Cé gur inis bean Sheáin bréaga sa suirbhé, tá sé ríshoiléir go raibh roinnt fírinne ina focail. Tá leadrán an tsaoil ag cur isteach uirthi agus tugann bean an tsuirbhé deis iontach di é sin a mhíniú. Úsáidteareann bean an tsuirbhé chun míshonas bean Sheáin a léiriu dúinn i tslí chliste agus éifeachtach.

Dhá rud ag teastáil i bhfreagra mar seo i gcónaí – freagra a thabhairt ar an gceist AGUS mionsonraí (all the small details) ón scéal mar fhianaise (as proof) ar do fhreagra. Caithfidh tú a thaispeáint go bhfuil an scéal ar eolas agat.

Freagra = 16/25

Gaeilge = 3 / 25

= 19/30

Is bean í Lisín atá i gceannas ar a saol féin, ar a teaghlach agus ar a teach.

Freagair an cheist thíos faoin ngiota as an úrscéal Hurlamaboc.

Déan plé ar an ráiteas sin.

(593 fhocal)

Aontaím go huile is go hiomlán LEIS  an ráiteas gur bean spéisiúil í Lisín atá i gceannas ar a saol féin, ar saol a teaglaigh agus ar a teach. Tríd an scéal is príomhcharachtar láidir í Lisín. Feicimid a saol foirfe, le gach rud eagraithe aici. Gan dabht faighaimid léargas iontach ar an saol a chaith lucht an rachmais sa sliocht seo.

Ina saol féin bhí Lisín foirfe i ngach bealach agus bhí gach rud in ord is in eagar aici, mar ba  eagraí den scoth í. (D’fhán) Bhí  Lisín i gceannas nuair a bhí sí ag eagrú. Mar shampla bhí cóisir mhór eagraithe aici chun a pósadh le Pól a cheilúradh: “Bhí gach rud idir lámh aici.” Ceapaim gur duine tiarnasach í Lisín agus mar sin bhí an  smacht ag teastáil uaithi. Bhí “dhá reoiteoir ” aici, lán le bia blasta: “píoga,” “ispíní,” “bradán,” agus “arán lámhdhéanta den uile shórt” chomh maith le rudaí milse. Mar a dúirt mé cheana féin is léir go raibh Lisín i gceannas (ar a saol féin?) .

Bhí Saol gnóthach ag Lisín, cé nach raibh post aici. Níor ghá di obair agus mar sin ba bhall de a lán clubanna í. Bhí sí ag foghlaim teangacha freisin, mar Spáinnis agus Rúisis. Rinne sí a lán oibre carthanaí . Bhí suim ag Lisín freisin sna scannáin agus i  ndramaí. “Bhí sí ábalta labhairt ar aon ábhar ar bith faoi ghrian.”

Bhí Lisín ina cónaí lena clann. Ag féachaint isteach bhí a teach “gan locht”. Phós Lisín a fear céile, Pól, nuair a bhí siad óg – fiche bliain ó shin. Cé nach raibh Pól saibhir agus cé go raibh sé ag obair i siopa, Chonaic / d’aithin  Lisín na féidearthachtaí a bhí ag an mbuachaill aineolach. Anois bhí airgead go leor ag Pól mar ba léachtóir é i gcursaí gnó san ollscoil, faoi stiúir Lisín. Tá an chuma ar an scéal go raibh Pól faoi bhois an chait ag Lisín. Níl a lán measa agam  ar Phól mar níorbh  fhear ró-láidir é. Bhí beirt mhac ag Lisín agus Pól. Ruán agus Cuán ab ainm dóibh. Ba  buachaillí dáthúla  agus cliste iad.Thug Lisín mórán molta agus spreagtha do Ruán. Dá bhrí sin níorbh fhéidir leis a rá léí má bhí sé míshona faoi rud éigin. Ní raibh Ruán macánta nuair a dúirt sé go raibh sé ag tnúth go mór leis an gcóisir. Chomh maith le sin chuir Lisín brú ar Ruán a bheith sona. É sin ráite bhí grá aige dá mháthair ach ní raibh gaol maith acu.(Agus taispeánann sé sin go raibh sí i gceannas ar shaol a teaghlaigh)

“Bhí an teach i gcónaí néata agus álainn.” Bean tí den scoth í Lisín. Tá sé soiléir go raibh gach rud socraithe ag Lisín don chóisir. Bhí “péint ar na ballaí,” “snas ar na hurláir,” agus “bláthanna sna procaí.” Bheadh an chóisir sa ghairdín dá mbeadh an lá go breá. Ach bheadh an chóisir istigh  sa teach dá mbeadh an aimsir go dona. Bhí gach rud ar bith réidh aici – boird, cathaoireacha, gloiní agus fion agus bia blasta. Ní bheadh aon duine a fheiceáil ag an gcóisir mar ní bheadh aon locht ann.?

Dar leis na comharsana agus an saol mór, ba bhean álainn í Lisín. Bhí sí tanaí agus bhí a gruaig fada agus fionn. Bhí sí fós mar bhean óg, cé go raibh sí pósta le fiche bliain. Bhí na mná eile ar Ascaill Na Fuinseoige foirfe freisin ach bhí Lisín chun tosigh orthu (os a gcomhair). Bhí siad dathúil agus faiseanta. Is léir go raibh na mná gafa lena n-íomhá.

Gan dabht bhí Lisín i gceannas ar gach rud faoina saol agus saol a clainne. Cé nach maith liom í, is príomhcharachtar suimiúil iontach (iontach suimiúil?)  í Lisín Albright.

Déan iarracht tagairt a dhéanamh don cheist go minic. Leis an gceist seo, bheadh sé an-éasca 3 phríomhalt a scríobh – a saol féin (clubanna, teagnacha, Cuma), a teaghlach (Pól agus na páistí) agus  a teach (an teach agus an chóisir)  – tús agus críoch freisin. Déan plean sula dtosaíonn tú.

Ábhar = 16/25 (Cén sórt scéil é? Cá bhfuil Lisín ina cónaí? Cén ré atá ann? Cad atá i gceist ag an údar leis an scéal seo?)

Gaeilge = 3/5

= 19/30

Staid na Gaeilge faoi láthair

2015 Aiste (e). Credit: Emma O’Hora

Is rud álainn í an Ghaeilge, agus is pribhléid ollmhór é (chun) a bheith in ann í a labhairt. É sin ráite, (is) ba  rud casta é staid na Gaeilge, san am atá caite ach go háirithe. In ainneoin sin is dóigh liom (go bhfuil) gur  teanga bheo í agus go bhfuil sí fós ina cuid lárnach dár gcúltur agus dár ngnáthshaol, buíochas le Dia! (Cad a dhéanfaidh tú san aiste seo? Cad iad na pointí a dhéanfaidh tú faoi Staid na Gaeilge FAOI LÁTHAIR)

Ar an gcéad dul síos, déanann gach aon páiste stáidéar ar an nGaeilge nuair a bhíonn siad ag freastal ar an mbunscoil. Caithfidh me a admháil nach raibh oideachas den scoth agam maidir leis an nGaeilge agus mé ag freastal ar mbunscoil, agus tá a fhios agam go mbraitheann a lán daoine  mar an gcéanna, ach creidim go bhfuil an fhadbh seo ann le roinnt ábhar, agus ní hámhain leis an nGaeilge. Níl sé chomh dona is a deirtear in aon chor. Bhí mé fós ag éisteacht leis an nGaeilge, agus uaireanta á  labhairt,  i slí spraíúlagus i slí shimplí, agus gan aon ullmhúchan le haghaidh scrúdú ar bith á dhéanamh agam. Nach  é  sin an  rud is tábhachtaí atá de dhíth ag aon pháiste? Sílim go  gcabhraíonn sé sin le staid na Gaeilge mar go bhfuil níos mó doaine ag fás suas leis an nGaeilge, agus dá bharr , ní féidir a rá go bhfuil staid lag (ná beag) aici.(Ach má bhí drochthaithí acu ar scoil??)

Anuas ar sin, leanann an Ghaeilge ar aghaidh go dtí an dara léibhéal. Anseo, tosaímid ag déanamh stáidéir ar an ngné nua-aimseartha den Ghaeilge, mar shampla, na scéalta agus na dánta mór le rá, agus nílimid ag déanamh tada seachas bheith ag fhoghlaim focal i ndiaidh focail (níos mó?) Éiríonn sí níos tábhachtaí inár saol. Chomh maith leis sin, téann a lán daltaí meánscoile chuig an nGaeltacht i rith an tsamhraidh. Tá sé coitianta  é sin a dhéanamh, i mo cheantar féin ar aon nós. Léiríonn sé sin go bhfuil suim ag daoine óga í gcúrsaí Gaeltachta agus go bhfuil staid mhaith ag an nGaeilge.

Tá an Ghaeilge ann le chloisteáil taobh amuigh den scoil fosta. Mar shampla, lá i ndiaidh lae, cloisimid níos mó Gaeilge sa Dáil. Cúpla mí ó shin, thosaigh an Taoiseach, Leo Varadkar á  foghlaim. Gach aon uair a fhéachaim ar na díospóireachtaí a bhíonn ar súíl gach lá sa Dáil ar an teilifís, labhraíonn cúpla duine  as Gaeilge, mar shampla, Catherine Connolly. Déarfainn go léiríonn sé seo cé chomh láidir is atá an Ghaeilge.

Treisíodh  staid na Gaeilge san Aontas Eorpach le blianta beaga anuas. Tá stádas oifigúil aici anois, an stádas céanna atá ag an Gearmáinis agus an mBéarla agus mar sin de. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an-chuid daoine ag obair trí Ghaeilge, mar shampla, mar aistritheoirí. Mar gheall ar an neart post atá ar fáill trí Ghaeilge, tá staid láidir aici.

Taobh amuigh de chúrsaí eacnamaíóchta, tá staid láidir ag an nGaeilge maidir le cúrsaí siamsaíochta sa tír seo.

Déanann an eagraíocht ‘Conradh na Gaeilge’ a ndícheall chun an Gaeilge a chur chun cinn, agus tá roinnt rath bainte amach acu le déanaí. Tá stáisiúin Raidío “Raidíó RíRá” acu agus bíonn sé ag craoladh ar líne gach uile lá.

Ar ndóigh, ní féidir liom cúrsaí siamsaíochta a lua gan trácht do TG4. Bíonn gach saghas clár acu, agus de ghnáth bíonn an caighdeán an-ard ar fad. I mo thuairim pearsanta, cabhraíonn na cláir sin liom níos mó Gaeilge a fhoghlaim, agus na canúintí éagsúla a thuiscint, ní hamháin  canúint Chonnacht a chloisim gach lá agus mé sa seomra ranga.

Tá an Ghaeilge ar fad timpeall orainn agus tá ról lárnach aici sa saol.

Rud eile a thug mé faoi deara le déanaí ná go bhfuil níos mó suime i gcúrsaí Gaeilge lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta. Tá daoine óga  fud fad na tíre á  roghnú  mar chúrsa tríú leibhéal, mé féin mar shampla! Níl Gaeilge ar bith ag mo thuistí, ná fiú éinne i mo chlann, ach mar gheall ar an ról lárnach atá aici sa tsochaí, agus i stair na tíre ar ndóigh, rinne mé mo dhícheall chun í a fhoghlaim agus í a úsáíd. Cloisim an scéal céanna ó dhaoine eile gach lá.

Mar thoradh ar na pointí seo, creidim go láidir go bhfuil staid láidir ag an nGaeilge sa lá atá inniu ann, agus níl aon dabht agam go mbeidh an staid chéanna aici sa thodhcaí.

Céard faoi píosa staire maidir leis an nGaeilge agus an meath a tháinig uirthi?

Cúpla staitistic ón daonáireamh is déanaí faoi labhairt na Gaeilge?

Céard faoi Ghaeilge sna meáin Shóisialta?

Tasc – 5/5

Ábhar – 9/15 (Tá feabhas le chur ar leagan amach – NB an chéad alt)

Gaeilge – 48 / 80

= 62 / 100

Déan cinnte go bhfuil plean leagtha amach agat roimh ré

Tá droch-chaoi ar an gcóras sláinte atá againn in Éirinn

Ceann d’fhadhbanna casta na linne seo (is é) ná  an scéal seo faoin  ndroch-chaoi ar an gcóras sláinte atá againn in Éirinn. Tá go leor fadhbanna sa chóras slainte in Éirinn; murtall, fadhb an óil, fadhb na ndrugaí agus drochsláinte mheabhrach cuid díobh seo. San aiste seo pléifidh mé na  fadhbanna seo agus na  réitigh orthu

Ar an gcéad dul síos, tá fadhb shláinte nua sa chéad domhan agus is í sin fadhb an mhurtaill. Le blianta beaga anuas tá daoine sa domhan forbartha ag éirí níos mó agus níos troime. Is ceist chasta chigilteach í an cheist seo agus níl miniú simplí uirthi. Sa lá atá inniú, tá daoine ag gabháil leis an teicneolaíocht. Tá a lán fógraí ann do bhia gasta agus bia mífholláin ar gach suíomh gréasáin. An t-easpa eolais is  cúis mhór leis an murtall. Chun an fhadhb seo a shocrú caithfimid amhúineadh do dhaoine conas bia sláintúil  a roghnú agus aclaíocht rialta a dhéanamh

Anois ceaptar go bhfuil thart ar 61 faoin gcéad de dhaoine fásta agus 22 faoin gcéad de pháistí na hÉireann murtallach – rátá i bhfad níos airde ná tíortha eile na hEorpa. Cosnaíonn an murtall an córas sláinte 2 bhilliúin euro gach bliain. Níor éirigh le haon tír réiteach sásúil a fháil ar an murtall go fóill, ach moltar cáin a chur ar bhia atá lán le siúcra, le saill agus le salann.

Cúis eile go bhfuil an córas sláinte  i ndroch-chaoi ná fadhbanna drugaí agus óil. Tá a lán daoine óga ag mí-úsáid drugaí agus óil agus cuireann siad a lán b

rú ar an gcóras sláinte. Tagann a lán deagóirí ólta go dtí an t-ospidéal de bharr an iomarca alcóil? (mar rinne siad tinn orthu féin?) . Ní mhúintear do  dhaoine óga go bhfuil an t-ól agus drugaí contúireach  mí-úsáideann siad  drugaí agus ól gach seachtain. Tá seomraí timpiste agus eigeandála lán le daoine óga gach deireadh seachtaine agus tá a lán daoine ina luí ar thralaithe mar níl aon leaba dóibh. Ní dóigh liom go bhfuil aon réiteach simplí ar an gceist chasta seo, ach creidim  gur  chóir dúinn  múineadh do dhaoine óga faoin na contúirtí a bhaineann le hól agus le drugaí

An fhadhb dheireanach  leis an gcóras sláinte in Éirinn ná drochsláinte mheabhrach i ndaoine óga. Is ar éigean a théann lá tharainn nach mbíonn tagairt éigin don scéal faoi dhaoine óga atá ag éirí tinn toisc go raibh l  siad faoin a lán brú ar  scoil. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil cuid den locht ar an gcóras oideachais.   Tá níos mó déagóirí  ná riamh  ag fáil diagnóis le dúlagar, buairt agus neamhord itheacháin. Anois, tá a lán daoine óga ar liostaí feithimh le seirbhísí meabhairshláinte. Ba cheart duinn ár ndícheall a dhéanamh an fhadhb seo a réiteach.

Níl aon dabht ar bith faoi ach  go bhfuil droch-chaoi ar an gcóras sláinte atá againn in Éirinn. Ba cheart dúinn ar ndícheall a dhéanamh an fhadhb seo a réiteach. Caithfimid a mhúineadh do dhaoine conas a bheith sláintiúil agus aire a thabhairt dóibh féin, idir chorp agus intinn (araon go fisiceach agus go meabhrach). Bíodh dóchas againn. Faoi mar a deir an seanfhocal: ‘’De réir a cheile a anachain déanta’’

    • Leagan amach maith
    • Smaointe maithe
    • Staitisticí maithe in alt 3
    • Líon focal idir 500-600
  • Tús, lár agus críoch

Le feabhsú

    • Saibhreas briathra
    • An iomarca athrá de na nathanna céanna
  • Cúram leis na réamhfhocail

Grád:

Tasc: 5/5

Ábhar: 10/15 (níos láidre ag tús na haiste)

Gaeilge : 55/80

=

70%

Tá daoine óga na hÉireann leisciúil agus míshláintiúil

Caithfidh mé a rá nach n-aontaím ar chor ar bith leis an ráiteas thuasluaite. Tá an ráiteas seo i mbéal tuistí agus  fuí(? Fiú?) i mbéal an phobail le fada an lá. Nach bhfuilimid go léir tar éis an seanfhocal “Is aoibhinn beatha an scoláire” a chloisteáil arís is arís? Ach dar liom is iomaí fadhb (leanann an uimhir uatha an focal iomaí)  atá ag daoine óga i láthair na huaire, táimid ag fás suas i ndomhan atá an-difriúil ón domhain  a bhí ann fiche bliain ó shin agus feictear domsa go bhfuil brú dochreidte orainn go laethúil.(ar bhonn laethúil – on a daily basis)

Deirtear go bhfuil daoine óga na hÉireann an-leisciúil, sa lá atá inniu ann.  Níl an t-am againn cabhrú leis an obair tí nó go leor aclaíochta a dhéanamh. Ach tá fáth soiléir leis (úsáideann tú leis nuair a bhíonn an t-alt agat) na rudaí sin. Sa lá atá inniu ann tá brú ollmhór ar dhaltaí ó cheann ceann na tíre. Dar liom go bhfuil an Ardteist i bhfad ró-acadúil (mar) agus tá go leor daltaí ag streachailt agus in ísle brí (leis) dá barr (as a reult of it – Baininscneach). Ach gan dabht caithfidh mé a rá go mbaineann maitheas leis an gCórais oideachais in Éirinn. Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuilimid in ann dul ar scoil gach lá le múinteoirí den scoth agus anuas ar sin táimid in ann freastal ar an meánscoil go hiomlán  saor in aisce. Gan amhras is rud dochreidte maith é sin! (Níl pointe an ailt seo róshoiléir – mura bhfuil daoine óga leisciúil, abair cén fáth – cad air a bhfuil an milleán)

Anuas ar sin tá an seans againn blaiseadh a fháil de go leor ábhar difriúil agus ní féidir a shéanadh ach go bhfuil clú agus cáil ar an gCóras oideachais atá againn ar fud an domhain. Ach  (an nath = an dara suí sa bhuaile = alternative; sa chás seo ach ar an taobh eile den scéal caithfidh mé a adhmháil go mbaineann go leor donais leis an gcoras chomh maith. Is léir don dall gurb é rás na bpointí ceann de na laigí is mó atá againn sa náisiúin nua-aimseartha seo agus dar liom is scanall amach is amach é! I láthair na huaire bíonn gach mac agus iníon máthar (TG)  ag iarraidh freastal ar na coláistí is mó éilimh (TG)  agus feictear domsa mar sin go bhfuil na pointí ag dul in airde gach uile bhliain. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil áit ar chúrsa I mBaile Átha Cliath chomh hannamh le sneachta sa Samhradh!

(Cá bhfuil an nasc leis an teideal san alt seo? – Tá daoine óga na hÉireann leisciúil agus míshláintiúil – Baineann an t-alt seo le córas na bpointí; ní mór duit nasc a dhéanamh leis an teideal i ngach aon alt)

Mar gheall ar an easpa áiteanna ar na cursaí bíonn ar gach dalta a bheith ag obair domhnach is dálach don bhliain ar fad, ach anuas ar sin tá a fhios againn go léir go gcaitheann daoine óga an iomarca ama ar na meáin leictreonacha (toisc go bhfuil siad chomh leisciúil / míshláintiúil) sa lá atá inniu ann agus gan amhras baineann go leor maithis agus donais leo ( uimhir iolra – na meáin) . Maidir leis an idirlíon a bunaíodh sna nóchaidí anois tá sé an-éasca dúinn fanacht i dteagmháil lenár gcairde in Éirinn nó thar lear. Rugadh agus tógadh an ghlúin  óg  leis an idirlíon agus is léir nach féidir linn an domhan a shamhlú gan iad anois. Deirtear go bhfuil daoine óga an leisciúil agud míshláintiúil agus gan amhras ní chabhraíonn na meáin shóisialta leis an íomha sin.

Ach tá brú tromchúiseach ar dhaoine óga am a chaitheamh ar an idirlíon. Mar dhéagóir tá gach duine ag iarraidh a bheith mar an gcéanna agus mar sin baineann gach déagóir úsáid as an idirlíon. Úsáidimid na meáin shósialta ionas nach mbeimid difriúil ach is fadhb ollmhóir í an mhaistíneacht ar líne agur ar scoil. De réir taighde a rinneadh  ag Coláiste na Tríonóide, theagmhaigh lámh fhuarchríoch an bhulaíocht ar líne le duine as gach ceathrar cailíní agus buachaill as gach seisear. An bhféadfá é sin a chreidiúnt? Gan dabht uaireanta bíonn torthaí uasfásacha ag an maistíneacht ar líne, déanann sé dochar don fhéinmheas agud don fhéinmhúinín atá ag daoine óige. Anuas ar sin anois is arís cloistear scéalta faoi dhéagóirí bochta atá tar éis lámh a chur ina mbáis féin mar gheall ar an maistíneacht ar líne.

I mo thuairim tá saol andeacair ag daltaí sa lá atá inniu ann agus níl sé ró-éasca dúinn a bheith buartha faoinár sláinte nuair atá brú  ag teacht orainn ó go leor áiteanna difriúla. I mo thuairim dá mbeadh gach duine in ann obair le chéile agus cabhrú le daoine eile, go háirithe na daltaí bheadh gach duine in ann a bheith níos sláintiúla agus rachaidh an tír seo agus muidne leis ó neart go neart.  B’fhéidir  nach bhfuilimid róshláinte I mbliana agus táim cinnte de nach bhfuilimid leisciúil.

Tasc – 5 / 5 ( Roghnaigh tú aiste agus scríobh tú aiste)

Ábhar – 7/15 ( Níor léirigh tú tuiscint cheart ar an ráiteas / teideal na haiste. Níor thaispeáin tú nasc láidir leis an téama i ngach alt; níor scríobh tú aon rud faoi shláinte fhisiciúil, tá níos mó scríofa faoin gCóras Oideachais ná faoin leisciúlacht ná faoi mhíshláínte na ndéagóirí )

Gaeilge – 38 /80 ( Tá nasc idir an marc don ábhar agus an marc don Ghaeilge – mura scríobhann tú go díreach faoin téama, ní bhfaighidh tú na pointí don Ghaeilge. Ní mór fairsingeacht agus saibhreas teanga a léiriú freisin)

= 50 / 100

Scéal na hArdteiste. Mothúchán: Dílseacht

This was a really interesting and a good scéal, but the language in the scéal tends to be simpler so grammar and good spelling are vital! All the spelling and grammar errors have been corrected below.

Braitheann brí an fhocail dílseacht ar an dearcadh atá ag an duine ar an saol, do dhaoine áirithe baineann sé le cursaí spóirt, le hairgead nó le hoideachas ach do Niamh de Burca bhí míniú eile ann.

Tráthnóna Sathairn a bhí ann nuair a shiúil sí síos an bóthar cúng ciúin ar thóir a caisleáin.(in pursuit of her castle?) Bhí (fear ar meisce) meisceoir ar leac na sráide, cuma na trioblóide air. Tháinig carr lena taobh. D’aithin Niamh an fear a chuir a chloigeann amach an fhuinneog “ síob uait, táim ag dul do bhealachsa”. Bhí aithne súl aici air a cheap sí, an fear ciúin béal dorais a ghlaoigh daoine air, níor labhair sé mórán nó níor labhair sé riamh go dtí seo. Bhreathnaigh Niamh ar an meisceoir arís ar thaobh an bhóthair agus shochraigh sí go mbeadh an bealach eile níos sábháilte. Carr deas nua dhá mhíle is a hocht dhéag a bhí ann ar aon chaoi, caithfidh an fear a bheith deas, a cheap sí, agus léim sí isteach sa charr.

Ag fágáil na leabharlainne níos luaithe di an lá céanna, (bhí an oíche tar éis teach tar an lá – píosa seo gan chiall) nuair a bhí an dorchadas ag scuabadh tríd an mbaile, bhí grúpaí beaga de chailíní ó Scoil Naomh Eoin ag siúl abhaile le chéile. Choinnigh Niamh ag siúl ina haonar. Ní raibh sí I bhfad ina cónaí sa bhaile. Bhuel cúig bliana ó shin a bhí sé nuair a bhog sí féin agus a clann isteach sa “ chaisleán “ mar a ghlaoigh muintir an cheantair air. Ní raibh aon chara (cairde – friends?) déanta aici go fóill. Rinne daoine áirithe iarracht léi ach níor ‘réitigh’ sí leo toisc nach duine dílis í. Ní raibh aon rud I (gciontanta) gcoitianta aici le (daoine sa cheantar)muintir an cheantair  dar léi. Sa  bhaile (sa tseanᾴit) bhí a cairde saibhir ar nós í féin. Bhí éad ar na cailíní ina scoil (nua?) chomh maith, a cheap sí. Cúig nóiméad tar éis fágáil na leabharlainne di, d’iarr cailín darb ainm Roisin uirthi siúl abhaile léi ach níor fhreagair Niamh í. Rud éigin faoin oíche a bheith dainséarach a bhí sí ag rá ach níor bhac Niamh léi.

Bhí Roisin ag féachaint ar Niamh ag siúl síos an bóthar agus chonaic sí í ag dul isteach sa charr. Tháinig cás a carad (TG) isteach ina hintinn agus an dochar a bhí déanta ag an bhfear sin. Bhí sé contúirteach ach níor chreid aon duine í (iad). Bhí Roisin dílis dá cairde. Thuig sí brí an fhocail ‘dílseacht’ mar ní raibh sí chun Niamh a fhágáil leis an bhfear sin. Bhí fón Roisin ina lámh aici agus chuir sí fios ar na Gardaí láithreach.

Breathnaigh Niamh síos ar an mbrat salach urláir a chlúdaigh leath an tseoimrín bhig I dteach a comharsan, ceard a tharlóidh anois a cheap sí, ní bheadh aon duine á cuardach agus a tuismitheoirí as baile don deireadh seachtaine. Tháinig an fear isteach sa seomra agus chroith Niamh leis an bhfuacht a tháinig isteach leis ach níorbh fhéidir léi bogadh.

“ Níl fianaise againn gur fear contúirteach é a Roisin, ní féidir a bheith ag cur glaoch le tuairimí” agus chuir an Garda síos an fón. Bhí Roisín ar buile, cé mhéad uair a dhéanfaidh an diabhal sin dochar gan iarmhairtí. Síos le Roisín go dtí stáisiún na nGardaí agus bhí sí dul ag fanacht ansin go dtí go labhródh duine éigin léi. Faoi dheireadh labhair sí le Garda le ciall éigin agus thug said cuairt ar theach Niamh (Néimhe – TG) agus nuair nach raibh sí ann, ar theach a comharsan. Bhí an fear láidir ann ach de réir dealraimh, ní raibh mórán céille aige mar cár thóg sé í ach ar ais  chuig  a theachsa agus an doras  fᾴgtha  ar oscailt. Torann ò Niamh ag screadadh an chéad rud a chuala na Gardaí a briseadh isteach sa teach.

“ Róisín dílis a chuir fios orainn” a dúirt an Garda léi ar ais ag an stáisiún. “Bhí an t-ádh ortsa buíochas di féin” agus shín Niamh a lámh I dtreo a carad (TG) nua a bhí ag fanacht taobh amuigh den doras.

Anois thuig Niamh an fhírinne agus bhí sé searbh “ déanann sparán trom croí éadrom”. Roimh an eachtra seo ní raibh cara ar bith aici ar  domhan, ní raibh duine ar bith aici le siύl abhaile leo nó b’shin an chaoi a raibh sé. Mar gheall uirthi féin, dar ndóigh,  ní dhéanfadh sí botún mar sin arís go deo. Teastaíonn cara dílis  ó  gach duine agus bhí cara maith aici I Roisin (fada). Bhí ceacht eile foghlamtha aici ag an am céanna, ní rachadh sí isteach I gcarr le strainséir arís, is dóigh go raibh an meisceoir ar an tsráid I bhfad níos deise ná an fear a thóg í.

Bhí faoiseamh uirthi go raibh sí slán sábháilte istigh ina leaba, buíochas le Roisin. Bhí áthas an domhain uirthi go raibh cara dílis aici cosúil le Roisin. Ní raibh gá acu a bheith imníoch arís. Bhí áthas uirthi go raibh an misneach ag a cara gníomhú ar a son. Ní dhéanfadh sí dearmad ar an eachtra sin go deo na ndeor.  Agus í ag titeadh ina codladh an oíche sin thuig sí brí an fhocail “ dílseacht”.

Domhan na Meán agus na teicneolaíochta

The average LC Aiste Ghaeilge needs to be in the region of 500-600 words. This essay was almost 3 times that in length. 

The main advice here for the student is to cut it down to one third of its current length.  It is a really good essay, lots of really intelligent points and now totally clean of all grammar and spelling errors. 

Errors are in bold Italics, corrections in bold in brackets afterwards. Author, John Downey, credited as requested. 

Nach iontach go deo iad na meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann? Nuair a smaoiním féin ar na meáin chumarsáide, is iad na focail is mó a thagann i gcuimhne dom(= in my memory – a thagann chun cinn – which comes to mind)) ná nuachtáin agus irisí, an raidió, an t-idirlíon, an fón cliste agus ar ndóigh an meán is uileghabhálaí dóibh ar fad, an ríomhaire nó teicneolaíocht na fáisnéise (na faisnéise – Níl aon fada ar an a).Fiú sna tíortha is boicthe (boichte) ar domhain (ar domhan – níl aon i)  bíonn fón póca de shaghas éigin ag a lán daoine. Ní lia duine ná tuairim ach creidim féin (go pearsanta) go mbaineann idir bhuntáistí agus mí-bhuntáistí (mhíbhuntáistí – idir = both ‘h’) leis na meáin chumarsáide. San aiste seo pléifidh mé na rudaí dearfacha atá le feiceáil sna méain (fada ar an a) ach ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na rudaí diúiltacha (diúltacha) atá ann freisin. Labhróidh mé ar dtús faoin maitheas a bhaineann leis na meáin.

Níl amhras ar bith ach go bhfuil an cibearspás tagtha inár  – (*mar chuid lárnach dár* – has a central role in) saol nua-aimseartha seo. Tá tionchar ag an ngé seo den saol orainn uilig. Lorgaíonn daoine cairde le (leis na)  suimeanna céanna agus le teacht na suíomhanna gréasáin ar nós Instagram, Facebook agus Snapchat is féidir le daoine labhairt lena gcairde a chónaíonn cúig nóiméad síos an bhóthair (síos an bóthar – Tuiseal Ainmneach) nó ar an taobh eile den domhain (níl aon i sa chás seo). Cinnte, is mór idir inniu agus inné. Is cuimhin leis an ngliúin níos sine (is cuimhin leis an seanghlúin – de ghnáth úsáideann tú “níos sine” nuair atá comparáid i gceist) na laethanta a d’fhág imircigh an tír seo ar an mbád bán, gan chumarsáid ar bith lena muintir riamh arís. Áfach, tá an domhain(níl aon i) níos lú anois agus tá fáil again anois ar aon eolas nó aon nuacht le brú cnaipe. Cé go mbaineann brón agus uaigneas leis an eisimirce, tá deoraithe ábalta a ngaolta sa bhaile a fheiceáil a bhuí le leithéidí Skype agus labhairt lena chéile ar chostas an-íseal ar an idirlíon. Is scéal difriúil é ón am nuair a d’fhág imircigh an tír seo gan cumarsáid ar bith lena muintir riamh arís. Ní áibhéil ar bith a rá go bhfuil an idirlíon (an t-idirlíon – Tuiseal Ainmneach)mar shráidbhaile dhomhanda (sráidbhaile domhanda – tá sráidbhaile firinscneachanois.
Ní féidir a sheachaint (Ní féidir a shéanadh? – It cannot be denied, seachaint – to be avoided) ach go bhfuilimid timpeallaithe ag na meáin chumarsáide. Insíonn na meáin rudaí dúinn (insítear dúinn tríd na meáin –we are told through the media, as opposed to inanimate object “telling”)  faoi cad atá ar siúl nó ag tarlú sa domhain(níl aon i). Táimid ábalta aon phíosa eolais ar bith a fháil le brú cnaipe. Tugann siad (Tugtar) tuairimí difriúila difriúla) dúinn agus is féidir (leo) an nuacht a scaipeadh go han-tapa. Déanann siad (Déantar) clúdach forleathan ar scéalta móra an lae. Coinníonn siad (Coinnítear)  muid feasach faoi chúrsaí Reatha I gcónaí. Mar shampla, nuair a bhí Aung San Suu Kyi gafa(nuair a gabhadh…), bhí gach duine ar an eolas faoi. Tá sé mar gheall ar na meáin (is de bharr na meán) go bhfuil sí fós beo dar le roinnt daoine. (Cinnte tá a lán fadhbanna tagtha (tagtha) anois nach raibh ann cúpla bliain ó shin – an bhfuil gá leis an abairt sin?))

Maidir leis an idirlíon,  a bunaíodh sna nóchaidí, déanann se – (Tá) an saol níos easca dúinn ar fad (dá bharr). Rugadh agus tógadh an ghliúin (an ghlúin)óg leis na meáin leictreonacha agus ní cuimhin linn anois domhain (níl aon i) gan fhón (gan fón) cliste, ríomhairí glúine nó an t-idirlíon. In ionad an raidió a chur ar siúl anois, téimid ar líne chun an nuacht is déanaí a fháil. Gan amhras fulaingíonn na meáin eile mar gheall ar na meáin leictreonacha.

Bíonn dhá insint ar gach scéal, áfach, agus is fíor é sin maidir leis na meáin chumarsáide. Cé go gcuireann na meáin chumarsáíde nuacht an domhain ar fáil dúinn le brú cnaipe níl aon dabht I m’aigne ach go dtéann cuid de na meáin thar fóir ag lorg scéaltaí (scéalta), go háirithe maidir leis na ceiliúráin. Is cuimhin go maith liom an t-am a bhí Kate Middleton san ospidéal lena chéad (níl aon h) pháiste agus bhí an domhain (níl aon i) go léir ag iarraidh eolais. Ghlaoigh bean amháin I stáisiúin raidiosan Astráil ar an ospidéal ag cur I gcéill gur Banríon Éilis a bhí ann(inti – bean a bhí i gceist). Rinne banaltra botún mar thug sí amach eolas agus go luath ina dhiaidh sin, chuir sí lámh ina bás féin. I gcás eile nuair a fuair Peaches Geldoff bás de bharr drugaí, bhí a hathair Bob cráite le ceisteanna ó na hiriseoirí. Níl sé ceart ná cóir daoine a chrá ar mhaithe le siamsaíocht a chur ar fáil do dhaoine eile. Tá cumhacht as cuimse ag na meáin. Is mór freisin a scríobhtar bréga ) (? Is iomaí bréag a scríobhtar – many a lie is written)  faoi dhaoine ar na páípéír tabóide (na nuachtáin tablóideacha), agus mar is eol do chách, is sia a théann an bhréag ná an fhirinne.(an fhírinne)
Níl aon dabht faoi ach go mbaineann siamsaíocht leis na meáin chumarsáide. Gach bliain bíonn táirge nua ar an margadh. Mealltar daoine, go háirithe déagóirí, chun cluichí éagsúla a imirt. Fadhb mhór a bhaineann le seo ná go mbíonn cuid mhaith de na cluichí an-fhoighneach (= very patient, an-fhoréigneach = very violent)agus bíonn páistí ag imirt cluichí nach bhfuil aois-oiriúnach dóibh. Ciallaíonn sé sin do dtéann déagóirí i dtaithí ar an bhforéigean agus ar an ábhar sin tá baol ann go mbeidh siad féin foréigneach ina saol. Chomh maith le sin, cuireann irisí pictiúir de dhaoine foirfe ós ár gcomhair Domhnach is dálach. Léíríonn siad (léirítear) íomhánna dúinn a bhfuil tionchar mór acu orainn. Má bhreathnaíonn tú ar na fógraí, feicfidh tú go mbíonn siad lán d’íomhánna mí réalacha (míréadúla). Is bocht an scéal é sin nuair a cheapann tú faoin tionchar atá ag an meáin.
Bíonn nua-theicneolaíocht ag athrú de shíor agus tá sé deacair do dhaoine cóiméad(coimeád) suas leis na hathraithe (na hathruithe) seo ach tá sé níos éasca do dhaoine óga. Aontaím gur chóir go bhfoghlaimeodh gach duine conas úsáid a bhaint as an idirlíon toisc go bhfuil go leor buntáistí ag baint leis. Tá aipeanna nua ag teacht ar an saol lá i ndiaidh lae agus déanann siad an saol níos éasca dúinn ar fad. Is fearr déanach ná choíche! Measaim go bhfuil sé an-tábhachtach do na gliúnta(na glúnta) amach anseo go mbeadh na teicneolaíocht is déanaí acu. Tá sé ag athrú gach lá agus tá chumhact (cumhacht) ollmhór ag na meáin. Le blianta beaga anuas, feicimid tionchar as cuimse ag na líonraí sóisialta agus tá siad ag athrú an tsaoil.

Gan fuacht gan faitíos (? Coolly, boldly? – gan dabht ar bith –without a doubt?)) is áis oideachasúil iontach é an t-idirlíon agus bíonn Wifi agus córas leathanbhanda ar fáil go forleathan i mbeagnach gach áit agus bíonn sé níos tapúla ná riamh. Is féidir le daoine mórán eolais a fháil ón ngréasán domhanda le cabhair innill cuardaigh ar nós Google agus Yahoo, ní gá dul go dtí an leabharlann a thuilleadh chun an t-eolas is déanaí a fháil ar ábhar ar bith. Úsáidim an t-idirlíon chun taighde a dhéanamh ar thionscnamh (project? = ar thionscadal) scoile agus tá suíomhanna iontacha ar fáil ina dtugtar comhairle agus treoir do dhaltaí ag lorg níos mó nótaí. I gcóir (I GCOMHAIR) daltaí na hArdteiste d’fhéadfadh an fhoirm CAO a líonadh amach ar an idirlíon anois.
Bímid ag gearán go minic faoin tslí a bhfuil na fóin chliste ag déanamh damáiste ar chomhluadar an duine agus ag cuir (ag cur) ar ais an comhrá agus an chuideachta. ‘’Bíonn an fhírinne searbh’’ agus feictear in aon bhialann, grúpa dlúthchairde agus iad ina suí go ciúin ag stánadh ar na scáileáin idirgníomhach(idirghníomhacha). Aontaím go huile is go hiomlán gur fadhb thromchúiseach é seo agus go bhfuil ré an chomhrá thart. (Áfach, caithfimid gruaim a choinneáil orainn féin. – we must keep ourselves in depression?) I ndeireadh na dála níl an (níl san iompar seo) iompar seo ach drochnós agus mar a deir an seanfhocal ní fál go haer é nósanna a bhriseadh.

Ar an drochuair, tá taobh díobhálach leis na meáin chumarsáide agus is dócha go bhfuil an taobh sin le feiceáil ar an ríomhaire den chuid is mó. Is olc an scéal é ach bíonn taobh maith agus taobh olc ag baint le gach rud. Tagann a lán dainséar leis an idirlíon go háirithe maidir le daoine óga agus a bhfón póca cliste féin. Le teacht na suíomhanna sóisialta a mheallann daoine óga chun rudaí gránna maslacha faoina chéile tá an chibearbhulaíocht ag méadú. Gortaíonn ráitis mhailíseacha daoine leochaileacha agus rómhinic cloistear scéalta faoi dhéagóirí ag cur lámh ina mbás féin mar gheall ar ábhar na suíomhanna sin. Bíonn mórán péidifiligh (péidifileach – Tuiseal ginideach – iolra) ag iarraidh teangmháil (teagmháil) a dhéanamh le leanaí i seomraí cainte ar an idirlíon. Ligeann daoine orthu go bhfuil siad ar chomhaois leis na leanaí chun iad a mhealladh chun cainte agus fiú bualadh leo. Mar a deir an seanfhocal ‘’Ní thagann ciall roimh aois’’ agus bíonn ar dhaoine a bheith cúramach. De réir an taighde nua atá déanta ag Ionad Frithmhaistíneachta Choláiste na Tríonóide theagmhaigh lámh fuarchroíoch na cibearbhulaíochta le duine as gach ceathrar cailíní agus le buachaill as gach seisear.
Cruthaíonn úsáid na teicneolaíochta a lán fadhbannna i saol an duine óig. Is minic a chaithtear uair an chloig an lae ar an bhfón póca agus ní nach iompar (ionadh) go gcuireann iompar mar sin isteach go mór ar achar airde na ndaltaí. Thar aon rud eile ní fheidhmíonn daoine chomh maith agus is féidir leo ar scoil agus is dáiríre an fhadhb é seo. Is é an t-aon réiteach a fheicimse ar an bhfadhb seo ná go gcaithfidh tuismitheoirí a bheith i láthair nuair a úsáideann a bpáistí an t-idirlíon chun iad a chosaint ó rudaí gránna an domhain nua aimseartha seo.

Is tionscal an sabhair (an-saibhir) é  tionscal na meán cumarsáide anois agus cruthaítear na milliúin post gach bliain sa teascóg seo. A bhuí le cáin níos ísle ná aon áit eile ar domhan tháinig Google, Microsoft agus Intel anseo agus tá jabanna le fáil i dteicneolaíocht na faisnéise níos minice ná riamh. Áfach mar gheall ar an idirlíon agus na suíomhanna ceoil mídhleathacha cailltear na céadta post freisin. Tá na siopaí ceoil beagnach dúnta anois agus mar gheall ar an bpíoráideacht, bíonn daoine ag íoslódáil scannán freisin agus tá na mílte post I mbaol mar sin. Tá dhá thaobh ar an mbád, mar a deirtear!
Fásaim féin (Tá mé ag fás) aníos sa réabhlóid seo atá faoi lán seoil. Féachaimis arís ar roinnt buntáistí tábhachtacha a bhaineann leis na meáin. Tá sí siamsúil, oideachasúil agus suimiúil. Tá an domhain(níl aon i) I bhfad níos lú agus bíonn gach rud ar domhan ar fáil le brú cnaipe. Bheinn cinnte gur domhan difriúil é domhan na meán I gceann deich mbliana le teacht a lán rudaí nua. Tá a lán míbhuntáistí eile ann freisin agus caithfimid ár ndícheall a dhéanamh mar beidh sé ag goilliúnt (ag goilleadh ar) ár gcine daonna. Gan amhras ar bith, níl torainn (teorainn) leis na meáin ach an teorainn a bhaineann le samhlaíocht agus le hintinn an duine. Domhan corraitheach síorathrach é domhan na meán agus fad is atáimid airdeallach orthu, beidh an domhan sin agus muidne leis ag dul ó neart go neart. Chun críoch a chur leis an scéal, dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin.

  1. Tús 7. áis oideachasúil
    2. Suíomhanna teangmhála 8. comhrá
    3. Nuacht 9. taobh dorcha díobhálach
    4. Ag dul thar fóir 10. jabanna
    5. Mí fhoighneach – damáiste- cluichí 11. achar airde
    6. Buntáistí Críoch
You are currently viewing Irish essays corrected and marked by experienced examiner #625Lab
Image: Kaitlyn Baker via Unsplash