Oisín I dTír na nÓg Sample Essay (Higher Level Leaving Cert)

This is a sample essay from our Complete Guide: H1 Leaving Cert Irish.

Maidir leis an scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg, déan plé gairid ar:

(i) An pháirt a ghlacann Pádraig Naofa sa scéal.

Glacann Pádraig Naofa ról lárnach sa scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg nuair a bhuailimid leis ag deireadh saoil Oisín. Ceann de na tréithe is láidre atá ann sa scéal ná an ceangal idir an Chríostaíocht agus an Phágántacht. Bhain Oisín le saol na Págántachta agus bhain Pádraig Naofa le saol na Críostaíochta. Buaileann an dá thraidisiún le chéile i bhfoirm Oisín agus an Naomh.

Bhí Oisín tar éis filleadh ar Éirinn nuair a bhuail sé leis. Thit Oisín den chapall draíochta tar éis dó cabhrú le buíon fear. Thóg siad Oisín chuig an Naomh chun dídean a thabhairt dó.  Fear cráifeach lách is ea é. Bíonn sé cineálta d’Oisín agus é ina sheanduine bocht dall. Taispeánann Pádraig Naofa an-trua dó mar bhí sé uaigneach agus dearóil agus é ina aonar i dTír na nÓg. Thug sé cuireadh dó dul go dtí an proinnteach chun béile a ithe. Dhiúltaigh Oisín – b’fhearr leis fanacht ina aonar. Cabhraíonn Pádraig Naofa leis agus tugann sé seans d’Oisín a scéal a insint. Cuireann sé Oisín faoin a choimirce agus caitheann sé go fial leis.

D’inis Oisín scéal a bheatha do Phádraig Naofa. Déanann sé Oisín a theagasc i Soiscéal Dé. Deir Oisín go mhúinfidh sé scéalta agus seanchas na bhFiann do Phádraig Naofa agus toilíonn an naomh teagasc na Críostaíochta a mhúineadh don laoch cróga. Tá sé soiléir ón sliocht gur duine naofa é amach is amach agus gur Críostaí maith é freisin. Bíonn Oisín sásta dul le Pádraig mar teastaíonn uaidh cuairt a thabhairt ar na háiteanna sin ba ghnách do na Fianna a bheith iontu. Bhaist Pádraig Naofa é ag deireadh an scéil. Mar sin de, gan Naomh Pádraig, ní bheadh eolas againn ar scéal Tír na nÓg. Mar chríoch, tá páirt an-tábhachtach ag Pádraig Naofa sa scéal seo.

 

Leaving Cert Irish Oisín I dTír na nÓg Sample Essay
Image credit: Stuart Medcalf

 

(ii) Scríobh síos dhá shampla den áibhéil sa scéal agus déan plé gairid ar gach ceann díobh.

Feictear áibhéil ó thús deireadh an scéil seo agus is deacair na heachtraí agus na himeachtaí a chreidiúint. Is ceann de thréithe an scéil bhéaloidis é an áibhéil, agus feictear í ní hmaháin sa scéal seo, ach i ngach scéal eile dá leithéad. Tá tionchar tábhachtach ag an áibhéil ar an scéal; toisc gur scéalta ó bhéal a bhí iontu, d’úsáid an scéalaí áibhéil i measc tréithe eile, chun aird lucht a éisteachta a choimeád, agus suim a mhúscailt sna heactraí osnádúrtha.  Feicimid Oisín agus Niamh, mar shampla, agus iad ag marcaíocht ar each bhán ag dul trasna na farraige.  Tá cumhachtaí draíochta ag an gcapall agus bíonn ar a chumas eitilt san aer. D’oscail na tonnta amach rompu chun iad a ligean trasna.

 

Leaving Cert Irish Oisín I dTír na nÓg Notes
Image credit: Stuart Medcalf

 

Sampla eile ná nuair a  bhí trí chéad fear i nGleann na Smól ag déanamh iarracht carraig mhór a bhogadh. Ardaíonn Oisín an charraig gan dua agus caitheann sé í seacht bpéirse ón áit ina bhfuil sé. Bíonn Oisín níos mó agus níos láidre ná na fir i nGleann na Smól agus caitheann sé an leac sa spéir. Bhog Oisín carraig mhór agus chaith sé uaidh í gan stró. Bhí trí chéad fear ag obair ach ní raibh siad ábalta an charraig seo a bhogadh. Bhí Oisín níos láidre agus níos mó na fir ar fad i nGleann na Smól, rug a chuireann go mór lena stádas mar laoch.

Mar sin is féidir a rá go bhfuil ról lárnach ag an áibhéil sa scéal béaloidis seo.

buy leaving cert notes
625 points Leaving Cert Notes
Leaving Cert Sample Answers and Notes
 
  • Post author:
  • Post published:August 20, 2017
  • Post category:Irish