An Díospóireacht for Leaving Cert Irish (Higher Level)

  • Bíonn an díospóireacht (debate) agus óráid (speech) i cuid D sa Cheapadóireacht. Bíonn rogha (choice) idir díospóireacht agus óráid.
  • Seachnaíonn (avoid) go leor scoláirí an díospóireacht sa scrúdú Gaeilge ach níl ann i ndáiríre ach Aiste leasaithe. (modified essay)
  • Caithfidh tú cúpla nath (a couple of phrases) a fhoghlaim roimh ré: an tús, an chríoch, srl. agus beidh tú lánábalta an cheist díospóireachta a fhreagairt.
  • Ná bíodh imní ort!

Scéim Mharcála:

Ionramháil an ábhair (content) – 20 marc
Cumas Gaeilge (Irish ability – spelling, vocab, richness, phrases) – 80 marc

 

You may also like: Guide to Leaving Cert Irish for Higher Level (€)

NB. CAITHFIDH TÚ AN tALT SEO A ÚSÁID MAR THÚS NA DÍOSPÓIREACHTA:

i gcoinne/in aghaidh an rúin:

A Chathaoirligh, a mholtóirí, a chomhdhaltaí agus a lucht an fhreasúra; Is mise _______________ agus tá áthas orm a rá libh go bhfuilim chun labhairt i gcoinne/in aghaidh an rúin seo. Beidh an fhoireann thall ag iarraidh a gcuid tuairimí a chur ina luí oraibh, ach molaim daoibh gan cluas a thabhairt dóibh. Pé scéal é, táim i gcoinne/in aghaidh an rúin seo ar chúiseanna suntasacha agus cuirfidh mé roinnt de na cúiseanna sin os bhur gcomhair láithreach.

i bhfábhar/ar son an rúin: 

A Chathaoirligh, a mholtóirí, a chomhdhaltaí agus a lucht an fhreasúra; Is mise _______________ agus tá áthas an domhain orm a bheith anseo inniu ag labhairt i bhfábhar/ar son an rúin seo. Aontaím go huile is go hiomlán leis an rún seo. Tá an t-ábhar seo an-ghar do mo chroí agus tá sé ar intinn agam anois a chruthú daoibh go bhfuil fírinne sna focail: ____________________________.

NB. CAITHFIDH TÚ AN tALT SEO A ÚSÁID MAR CHRÍOCH NA DÍOSPÓIREACHTA:

Táim beagnach tagtha go deireadh mo chuid cainte ar an rún seo. Tá súil agam go n-aontaíonn sibh leis an gcuid is mó de mo thuairimí. Ní hionann ceart agus neart, áfach, agus táim ag ceapadh go bhfuil ceart ar mo thaobhsa nuair a deirim………. Chun críoch a chur le mo chuid cainte is mian liom mo bhuíochas a ghabháil libh as an éisteacht chineálta a thug sibh dom. Go raibh míle maith agaibh.

An Díospóireacht for Leaving Cert Irish (Higher Level)
Image by NeONBRAND on Unsplash

 

  • Post author:
  • Post published:March 5, 2018
  • Post category:Irish